Comhrá (14-25) | Seinnteoir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Comhrá

Déa
7.30pm
Mái
12.30pm
     

Pádraig Ó Duinnín

Dreas comhrá le Máirtín Tom Sheáinín,
ina insíonn a chuid aíonna scéal
a mbeatha ar a mbealach féin.

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Pádraig Ó Duinnín, Corcaíoch atá meallta ag an bhfarraige agus gach a mbaineann léi, a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín an tseachtain seo. Tá aithne air as a chuid cláir teilifíse do TG4 ina mbíonn sé ag cur chun farraige agus ag labhairt leo sin a bhfuil scil agus seanchas na mara agus na bádóireachta acu.

Chéad Taispeántas: 23 Mar

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

Formáid thar a bheith  simplí í seo ina ndéantar dreas comhrá le duine gan áiféis ná gáifeacht.  Leagann an tsraith seo méar ar chuisle na hÉireann.  Tá bua ar leith ag Máirtín Tom Sheáinín, cuireann sé a chuid aíonna ar a gcompord agus faigheann siad deis scéal a mbeatha a insint ar a mbealach féin.

Tá Máirtín sa chúlráid chun an cuntas a stiúradh go ciúin stuama.   Is iad muintir na hÉireann ábhar an chláir seo. Cé go bhfuil próifíl phoiblí agus aithne mhaith ar fud na tíre ar chuid de na haíonna an séasúr seo, is ar ghnéithe eile dá saol a bheidh siad ag trácht.

Sa tsraith seo de Comhrá, beidh aisteoirí, ‘s spaisteoirí, ceoltóirí ‘s polaiteoirí, seoltóirí, filí agus uachtaráin.  I measc na n-aíonna an séasúr seo beidh Uachtarán an CLG, Aogán Ó Ferghail, Bríd Rodgers, polaiteoir leis an SDLP, an t-aisteoir Niall Mac Eamharchaigh atá i bpáirt John Joe i Ros na Rún, Páraic Ó Gaora a bhí ina phríomh-Eagarthóir Nuachta le Nuacht RTÉ, Íte Ní Chionnaith, an chéad ban-uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, agus Joe Higgins, iar-Theachta Dála leis an bPáirtí Shóisialach.

Pádraig Ó Duinnín    16.03.17 @ 7.30pm

Pádraig Ó Duinnín, Corcaíoch atá meallta ag an bhfarraige agus gach a mbaineann léi, a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín an tseachtain seo. Tá aithne air as a chuid cláir teilifíse do TG4 ina mbíonn sé ag cur chun farraige agus ag labhairt leo sin a bhfuil scil agus seanchas na mara agus na bádóireachta acu.

Físeáin ar Fáil