Comórtas | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Comórtas

     

Comórtas Faithlegg House Hotel

Saoire rómánsúil do bheirt le buachan an samhradh seo chuig Óstán agus Ionad Gailf Theach Faithlegg i gCo. Phort Láirge.

Níl aon ní níos deise sa saol ná cúpla lá saoire a chaitheamh faoin tuath in éineacht le do dhuine féin. Leis an méid a bhíonn ar bun againn is beag ama a bhíonn againn chun sult a bhaint as na rudaí beaga – dul ag siúl sa choill, béile breá a ithe, folcadh te, uaireanta an chloig a chaitheamh ar do shuaimhneas ag léamh leabhar maith nó níos tábhachtaí fós am a chaitheamh le do ghrá geal.
Chun ceiliúradh a dhéanamh ar an obair athchóirithe a rinneadh le déanaí ar Óstán Theach Faithlegg táimid ag tabhairt deis d’éisteoir amháin dhá oíche a chaitheamh lena ngrá geal san ionad saoire galánta seo.
Bí ar do shuaimhneas agus caith dhá oíche aoibhinn sna seomraí aíochta athchóirithe agus bain taitneamh as an mainéar galánta seo lena mbaineann stíl thraidisiúnta agus chomhaimseartha. Bain sult as bricfeasta an dá mhaidin agus bain taitneamh as béile rómánsúil tráthnóna i mbialann Roseville Rooms, a bhfuil gradaim bainte amach aici, arna ullmhú ag an bpríomhchócaire Jenny Flynn a bhaineann úsáid as na comhábhair áitiúla is deise. Ina dhiaidh sin, lig do scíth ar chathaoir uilleach chompordach i seomra suí Aylward agus bíodh deoch agat sula rachaidh tú a chodladh.
Tá carachtar tarraingteach dá chuid féin ag baint le hÓstán Theach Faithlegg i bPort Láirge agus níl áit níos deise do shaoire rómánsúil.

Le haghaidh tuilleadh eolas tabhair cuairt ar www.faithlegg.com glaoch ar 051 382000


Buaiteoirí

Comórtas Radisson – Gearóid Ó Céilleachair, An Teampall Mór, Tiobraid Árann
Comórtas Step House – Eoghan O’Maoldomhnaigh, An Teampall Mór, Áth Cliath 3
Comórtas Castleknock Hotel – Mairtin O’Fainin, Áth Cliath 15
Comórtas Faithlegg House – Angela Kiely, Ballincollig, Corcaigh

T&Canna: Duais do bheirt (1 dinnéar agus 2 bhricfeasta) ag brath ar áiteanna a bheith ar fáil, neamh-inaistrithe, níl bailí ar shaoirí bainc.

Físeáin ar Fáil