The Field – Crá sa Chré | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

The Field – Crá sa Chré

Céa
10.00pm
Domh
9.00pm
     

Léargas ar chuid de cásanna dlí is iomráití agus is conspóidí a spreag as dúil an Éireannach sa talamh.

Sraith 6 chlár, a thugann chun cuimhne cuid de cásanna dlí is iomráití agus is conspóidí a spreag as dúil an Éireannach sa talamh agus a dhíocas ag seasamh an fhóid in aghaidh iarrachtaí a chearta talún, mar a fheictear dó, a bhaint uaidh.

Meabhraíonn an 19 cás dlí atá faoi chaibidil sa tsraith gur iomaí cúis a troideadh (agus is minic gur troid a bhí i gceist sular tháinig an scéal chun dlí) agus gur iomaí teaghlach a scriosadh ag dul chun dlí faoi cheist talún nó teorannacha talún.

Cé go gcreideann saineolaithe áirithe go mbaineann ár ndúil sa talamh lenár stair  ach téann an dúil seo go smior sa duine i gcultúir go leor eile freisin. Ceaptar, áfach, go bhfuil ceangal an Éireannaigh leis an talamh thar a bheith dlúth.

Tugann na cásanna cúirte atá luaite anseo léargas ar leith dúinn ar thábhacht na talún in intinn an Éireannaigh, tábhacht nach bhfuil ag meath ach ag neartú lenár linn féin.

Is é Seán T Ó Meallaigh a scríobh an tsraith agus is é Pilib Mac Cathmhaoil an tráchtaire agus an láithreoir.

Fuair an togra seo maoiniú ó Chiste Chraoltóireachta Gaeilge Thuaisceart Éireann.

Léiriú le Park Films & Imagine Media. 

Físeáin ar Fáil