Cuimhní ón mBlascaod | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Cuimhní ón mBlascaod

     

Scéal an Bhlascaoid i bhfocla na n-oileánach iad féin

Fógraíocht

Cuimhní ón mBlascaod 1-2

Rátáil Tuismitheora: G

Bunaithe cuid mhaith ar agallaimh a rinne oileánaigh os cionn scór bliain ó shin, ach nár taispeánadh ar teilifís riamh, insítear scéal an Bhlascaoid i bhfocail na n-oileánach féin.

Chéad Taispeántas: 3 Ean

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC] ag bun an scáileáin.

Scéal an Bhlascaoid i bhfocla na n-oileánach iad féin 

Scéal an Bhlascaoid i bhfocla na n-oileánach iad féin in agallaimh a taifeadadh breis is fiche bliain ó shin ach nár craoladh riamh roimhe seo. Is é an stiúrthóir/léiritheoir Gerry Gregg, a bhuaigh duais Emmy roinnt bhlianta ó shin, a chuir an tsraith le chéile. Is scéal ann féin an t-ábhar scannáin ar a bhfuil an tsraith bunaithe, cuid mhaith. B’í Fondúireacht an Bhlascaoid a choimisiúnaigh an stiúrthóir scannán Bob Quinn agus an bheirt Déiseach (Séamus, ceamaradóir agus a dheartháir Brendan, fear fuaime) le hagallaimh a thaifeadadh lena raibh d’oileánaigh an Bhlascaoid fós beo in Éirinn, Rinne siad sin agus b’é Séamus Deasy a choinnigh na seanscannáin in áilear a thigh ar feadh na mblianta. Tá an scannán sin agus an taifeadadh fuaime cóirithe go digiteach anois agus roinnt taifeadadh nua déanta i gCiarraí agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá don tsraith seo freisin Tá beirt oileánach fós ina mbeatha óna seanscannáin, agus tá agallaimh nua leo siúd chomh maith le hagallaimh le daoine eile a bhfuil tuiscint ar leith acu ar shaol an oileáin. I 1953 a tréigeadh an Blascaod, agus insíonn Mike Ó Cearnaigh, an fear a scríobh litir chuig Eamon de Valera ag iarraidh cabhair uaidh, cúlra tragóideach na litreach sin.  Sa tsraith freisin feicfear Maura Kavanagh as Gaillimh, iníon le Muiris Ó Súilleabháin (údar Fiche Bliain ag Fás.) Thug Maura cuairt ar oileán dúchais a hathar don tsraith seo, agus ar an oileán freisin bhí Cole Moreton, údar Hungry for Home- Leaving the Blaskets. Sraith thábhachtach mhealltach dhraíochtúil, lán le scéalaíocht, le cuimhní agus le cumha i ndiaidh an tsaoil atá imithe.

Léiriú le Praxis Pictures

Físeáin ar Fáil