Dúiche | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Dúiche

     

Síle Nic Chonaonaigh ag taisteal na tíre le scéalta a
thugann léargas ar an saol sa bpobal tuaithe.

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Caithfimid súil siar ar chuid de na scéalta a bhí againn ar an gclár le blianta beaga anuas. Ar an gclár seo tabharfaimid cuairt ar Chontae Chiarraí, áit a gcasfaimid leis an bhfeirmeoir Seán Ó Cuinn a thugann a chuid móna abhaile mar a rinne a athair agus a sheanathair roimhe, le hasal agus cliabh. Rachaimid as sin go Gaillimh chuig ionad eachtraíochta Eile Mental. Go Contae Chorcaí ar deireadh, áit a mbeidh an chéad Choinbhinsiún do Dhaoine a bhfuil Gruaig Rua orthu in Éirinn ar siúl.

Chéad Taispeántas: 18 Bea

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

Filleann  Síle Nic Chonaonaigh  ag taisteal na tíre ar thóir scéalta agus imeachtaí a thugann léargas ar an saol sa bpobal sin – scéal spreagúil nó suimiúil i gcónaí.

Beidh trácht ar bhánú na tuaithe, ar fhiontraíocht, ar athnuachan bailte agus ar cheardaíocht.  Féach, fiosraigh agus feidhmigh!

Léiriú le Open Eye Productions

Físeáin ar Fáil