Éalú as Éirinn | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Éalú as Éirinn

     

Clár faisnéise faoin Spáinneach Francisco de Cuéllar.

Fógraíocht

Éalú as Éirinn 1-1

Rátáil Tuismitheora: G

I bhFómhar na bliana 1588 scriosadh long Armada an Chaptaein Francisco De Cuéllar amach ó chósta Shligigh. Tháinig De Cuéllar féin slán agus chaith sé breis is leathbhliain ina dhiaidh sin in Éirinn, ag iarraidh a bhealach a dhéanamh abhaile. D'éirigh leis agus d'fhill sé ar Mhaidrid. Tugann an cuntas seo léargas cuairteora dúinn ar shaol na hÉireann roimh theacht na bplandálaithe. Trí mheán na teilifíse, eachtraíonn an fad-chlár faisnéise seo, ón léiritheoir aitheanta Antaine Ó Donnaile, an scéal iontach ilghnéitheach a scríobh an Spáinneach.

Chéad Taispeántas: 4 Dfo

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

Éalú as Éirinn

I bhFómhar na bliana 1588 scriosadh long Armada an Chaptaen Francisco De Cuéllar amach ó chósta Shligigh, cuid den eachtra a chuir deireadh le dóchas na nGael go dtiocfadh cabhair ón Spáinn. Tháinig De Cuéllar féin slán agus chaith sé breis is leatbhliain ina dhiaidh shin in Éirinn, ag iarraidh a bhealach a dhéanamh abhaile.
D’éirigh leis agus nuair a d’fhill sé ar Mhadrid, scríobh sé cuntas ar a chuid eachtraí, seod luachmhar staire ina bhfuil cur síos ar chathanna fuilteacha a fearadh, léigir ar theip orthu, ionsaithe ó fhoghlaithe agus iarrachtaí na mban é a mhealladh. Tugann an cuntas seo léargas cuairteora dúinn ar shaol na hÉireann roimh theacht na bplandálaithe, tráth arbh iad an Ghaeilge (agus Laidin) teanga an lucht ceannais agus léinn.
Trí mheán na teilifíse, eachtraíonn an fad-chlár faisnéise seo, ón léiritheoir aitheanta Antaine Ó Donnaile, an scéal iontach ilghnéitheach a scríobh an Spáinneach, rud nach bhfuil a shárú ann, cuntas ó pheann duine a bhí ar an láthair.
Cuimsíonn Éalú as Éirinn, míreanna drámaíochta d’eachtraí ón gcuntas, tráchtaireacht ó staraithe aitheanta agus cuairteanna ar láithreacha in Éirinn, in Albain agus sa mBeilg ina labhraíonn Antaine le muintir na háite, féachaint len fháil amach cén oidhreacht, más ann di, a d’fhág an Spáinneach ina dhiaidh.

Físeáin ar Fáil