Aodh | EIPIC | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

EIPIC

Aodh

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: 15A

Tá an banna soir siar arís. Tá Sully tar éis Dobhar a thréigeadh. Tá an ceathrar eile, áfach, sásta cabhrú le Aodh leis an léiriú in ómós Eoghan de Barra is fios mhaith acu gur ag seinm ag an imeacht mór le rá 'Terrible Beauty' ba chóir dóibh a bheith. Cá bhfuil a laoch?

Chéad Taispeántas: 3 Ean

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

Ainm: Aodh

Aois: 15

Aodh bocht. Ní raibh mórán de shaol an déagóra aige siúd go dtí seo. Sách dona go bhfuair sé scolaíocht bhaile. Ach nuair nach raibh a athair féasógach, Aengus, ag múineadh a dhearcadh-sa ar chúrsaí staire dhó, is ar chamchuairt a bhí Aodh leis an mbanna ceoil teaghlaigh, Gaotha ar Fán. B’eisean an dóitín de leanbh ar an bhfliúit. Ach anois, tá a lá tagtha chun éirí amach i gcoinne é sin. Ach ná cuire a chuid soineantachta an dallamullóg ort. Ní h-aon amadán é. Nuair a bhíonn airgead ag teastáil ón mbanna chun na físeáin a mhaoiniú, ‘sé Aodh a bhaineann an lá amach. Tá athair Aodh ina chathaoirleach ar choiste chomóradh Éirí Amach an chéid agus tá siadsan lofa le h-airgead. Nuair a insíonn Aodh dá athair go bhfuil an banna ceoil tar éis ceoldhráma a scríobh ag comóradh saol Eoghan de Barra, tagann an maoiniú gan teip. Tá go maith ach tiocfaidh an lá go mbeidh air toradh na hoibre a nochtadh. Níl fios dá laghad ag an gcréatúr cé chomh mór is a bhainfí preab as ins an aistear eipiciúil seo. Stumpa na clainne, tá gach éinne – Oisín go speisialta – ar bís chun aire a thabhairt dó agus an saol i 2016 a chur in aithne dhó. Ach bí cúramach nach dtéann tú ró-ghar don imeall, a Aodh…

Físeáin ar Fáil