Bea | EIPIC | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

EIPIC

Bea

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: 15A

Tá an banna soir siar arís. Tá Sully tar éis Dobhar a thréigeadh. Tá an ceathrar eile, áfach, sásta cabhrú le Aodh leis an léiriú in ómós Eoghan de Barra is fios mhaith acu gur ag seinm ag an imeacht mór le rá 'Terrible Beauty' ba chóir dóibh a bheith. Cá bhfuil a laoch?

Chéad Taispeántas: 3 Ean

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

Ainm: Bea

Aois: 17

“Bea, leis féin, mar atá i Be-yoncé”. Cé go ndéanann na carachtéirí eile céiliúradh ar neamhspleachas an déagóra, ní maith le Bea rudaí a dhéanamh di féin. Bíonn súil aici le gach aon rud ar phláta ós a comhair. Ach tá an cailín fíor-chumasach seo ró-thógtha le clú agus cáil a bhaint amach agus ní bheadh stró ar bith uirthi dul i mbun ‘twerkála’. B’í Mona an cara is fearr a bhí aici ag fás aníos dóibh. Ach chomh luath agus a thosnaigh sí sa mheánscoil, d’iompaigh sí a cúl le Mona bhocht ar mhaithe leis na daoine faiseanta. Tá rún suarach ag Bea… anois agus an samhradh buailte linn, bíonn uirthi dul i mbun oibre i sceallaire a tuismitheoirí. Ní hé go gcuirfeadh sé seo isteach ná amach ar dhream s’againne ach tá caighdeáin áirithe ag Bea, tá ‘fhios agat. Oh, an náire! Carachtair greannmhar í atá chomh lán go barra di féin. Nuair a thagann na ceamaraí ar an mbaile, tagann mearbhall de shaghas uirthi, rud a chuireann a seasamh sa bhanna faoi bhagairt.

Físeáin ar Fáil