Oisín | EIPIC | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

EIPIC

Oisín

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: 15A

Tá an banna soir siar arís. Tá Sully tar éis Dobhar a thréigeadh. Tá an ceathrar eile, áfach, sásta cabhrú le Aodh leis an léiriú in ómós Eoghan de Barra is fios mhaith acu gur ag seinm ag an imeacht mór le rá 'Terrible Beauty' ba chóir dóibh a bheith. Cá bhfuil a laoch?

Chéad Taispeántas: 3 Ean

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

Ainm: Oisín

Aois: 17

Ar bharr an dréimire i gcónaí, é acadúil, dathúil agus gáire scairteach aige, níl an misneach ar iarraidh ar Oisín. Gan dabht, de réir Oisín féin, níl faic na ngrást mícheart leis…’ siad gach éinne eile mórthimpeall air atá fuckáilte. Tá sé ar tí mála gliú a shlogadh leis an leadrán sa bhaile beag Dobhar, áit ar bhog a thuismitheoirí le gairid n’fhaid agus a bhí sé féin ag freastal ar scoil chónaithe. An rud is fearr leis chun an leadrán a chur ó dhorais ná pranks a chrochadh ar Youtube agus an samhradh seo, beartaíonn sé imeacht ar scrios agus anró i nDobhair. Bíodh is go mbeadh sé féin agus Sully ina namhaid nádúrtha, bláthaíonn cairdeas eatarthu gan ró-mhoill. Ach seans go mbeadh an cairdeas seo i mbaol dá dtiocfadh an fhírinne amach faoi cé a bhain carr athair Oisín ó chéile. Tá Oisín lúcháireach, fiáin, ach uaireanta téann sé go pointe an ainriail lena chuid ragairne. Agus tá sé thar a bheith áisiúil ar Final Cut freisin.

Físeáin ar Fáil