Sully | EIPIC | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

EIPIC

Sully

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: 15A

Tá an banna soir siar arís. Tá Sully tar éis Dobhar a thréigeadh. Tá an ceathrar eile, áfach, sásta cabhrú le Aodh leis an léiriú in ómós Eoghan de Barra is fios mhaith acu gur ag seinm ag an imeacht mór le rá 'Terrible Beauty' ba chóir dóibh a bheith. Cá bhfuil a laoch?

Chéad Taispeántas: 3 Ean

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC] ag bun an scáileáin.

Ainm: Sully

Aois: 17

Cailleadh máthair Sully nuair a bhí sé ceithre bliain d’aois, agus ó shin i leith tá sé ag bá i bhfarraige mór an testosterone. D’fhéadfá a rá go raibh an tógaint a fuair sé ar nós meascán éagsúil do Lord of the Flies agus Oz de chuid HBO. Cé go bhfuil anam fíor-mhothálach aige, tá an teasaíocht go smior ann freisin, agus glacadh leis dá réir sin go leanfadh sé a dheartháireacha ar bhóthar na h-aimhleasta. Nuair a baintear carr Airt Mac Fhearraigh ó chéile, glactar leis freisin go forleathan gurb é Sully ba chúis leis an eachtra. Bréan, breoite de chlaontacht an bhaile, gan trácht ar chéastóireacht a dheartháireacha ina choinne, tapaíonn Sully a dheis nuair a fheiceann sé comórtas físeáin ceoil ar an suíomh hipstéireach SLUASAID. Tá sé chun éirí amach…

Seinnliosta Ceoil Eip 1 – Sully


Playlist: EIPIC SULLY 1.1 (Episode 1)

1.    Pixies – Caribou
2.    Alt J – Dissolve Me
3.    Goldfish – We Come Together
4.    Bonzai – KGB
5.    The Chemical Brothers – Go
6.    The Weeknd – Can’t Feel My Face
7.    1916 Sean Ó Riada – Mise Éire
8.    Lil’ Kim – Kittybox
9.    Mary O’Hara – Songs of Ireland
10.  Death in Vegas – Death Threat
11.   Brian Eno – Drift
12.   Santigold – Disparate Youth

Físeáin ar Fáil