An Cósta Thiar (1-2) | Seinnteoir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Éire Fhiáin

     

Aistear fiadhúlra ar cheann do na cóstaí is suntasaí
ar dhomhain leis na hainmhithe rúndiamhracha agus
na háiteanna fiáine a thugann draíocht faoi leith dó.

Fógraíocht

An Cósta Thiar 1-2

Rátáil Tuismitheora: G

Sa chlár seo, tabharfaidh Eoin cuairt ar oileáin fhoscúla Chonamara sula dtabharfaidh sé aghaidh ar Mhaigh Eo áit a dtiocfaidh sé ar ealaí ghlóracha atá tagtha ansin don fhómhar. Faoi thoinn, tagann sé ar liamhán gréine. I gCo. Dhún na nGall tá líon na n-ioraí rua ag ardú. Rachaidh sé as sin go Gleann Bheatha áit a bhfuil an t-iolar fíréin. I gCionn Mhálanna a thagann deireadh le haistear Eoin.

Chéad Taispeántas: 27 Mar

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

Sraith speisialta dhá uair ar an tírdhreach is fiáine, iontasaí in Éirinn – na carraige agus na farraige a chlúdaíonn 1,600 ciliméadar ar imeall Atlantach na tíre. Le fiadhúlra draíochtúil i dtírdhreacha breátha, idir muir agus talamh, agus faoi thionchar an tsolais is drámatúil san Eoraip, is léargas spéisiúil í an tsraith seo ar na hainmhithe fiáine a chónaíonn ar chósta a bhí mar imeall an domhain aitheanta ar feadh na cianta. Curtha i láthair ag Eoin Warner agus léirithe ag foireann a rinne cuid de na cláracha fiadhúlra is iomráití le roinnt blianta anuas, usáideann Éire Fhiáin – An Cósta Thiar na cleasanna ceamara is déanaí  – infridhearg, macra agus mallghluaiseacht chun íomhánna suntasacha a chur le scéalaíocht chumasach le scannán sonrach a chruthú faoi na beithígh ceilte agus na dúichí rúnda i ríocht Atlantach na hÉireann.

 

 

Léiriú le Crossing the Line Productions

Físeáin ar Fáil