Éire na Nuachtscannán | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Éire na Nuachtscannán

Déa
21.09
     

Sraith nua ag tosú 21.09 @ 8.00pm

Físeáin Faoi Thrácht

Fógraíocht

Éire na Nuachtscannán

Roimh theacht na teilifíse, b’iad na nuachtscannáin an t-aon fhoinse do nuacht ar scáileáin a bhí ag an lucht féachana in Éirinn. Bhíodh mír mar seo mar chuid thábhachtach den réamh-shiamsaíocht sa bpictiúrlann. De bhrí nach raibh aon chomhlacht soláthair lonnaithe in Éirinn ar bhonn rialta, is trí shúile na n-eachtrannach (Sasanaigh nó Poncánaigh) is minice a léirigh na nuacht-scannáin seo imeachtaí sa tír seo, rud a chinntigh go leor míthuiscintí agus claon-léiriú ar imeachtaí go leor.

Tugann an tsraith seo de Éire na Nuachtscannán, 6 chlár, léargas dúinn ar an mbealach inar cuireadh imeachtaí in Éirinn i láthair sna nuacht-scannáin. Is í Síle Nic Chonaonaigh an tráchtaire agus ar na saineolaithe atá páirteach, tá an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, Kasandra O’Connell, Linda Kaye, Jim Horgan, Niamh Ní Argáin, John Hill, Ciara Chambers, An Dr. Dónal McAnallen, An Dr. Seán Crosson, An Dr. Kevin Rockett, An Dr. Mary Harris, An tOllamh Bríona Nic Dhiarmada, Sunniva O’Flynn, Antoine Ó Coileáin agus B. Mairéad Pratschke

Físeáin ar Fáil