Euro ’16 – Je Mo Peil | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Euro ’16 – Je Mo Peil

     

Fógraíocht

Euro '16 - Je Mo Peil 1-3

Rátáil Tuismitheora: 15A

Tugann Peter agus Lochlann a n-aghaidh ar Bordeaux don dara cluiche in aghaidh na Beilge. Stopann siad ar an mbealach ag rás Le Mans agus casann siad leis an t-aon fhoireann amháin as Éirinn atá ag glacadh páirte ann. Nuair a shroicheann siad deisceart na Fraince, téann siad sa tóir ar strufail agus foghlaimíonn siad faoi 'wine geese' i Chateau Kirwan. Buaileann siad le lucht leanta na hÉireann ina dhiaidh sin i Bordeaux ach faraor tugann an Bheilg greasáil dóibh agus tugann na leaideanna a n-aghaidh ó thuaidh arís ar Lille agus gan mórán misnigh acu don chéad chluiche eile.

Chéad Taispeántas: 30 Dfo

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC] ag bun an scáileáin.

Chuaigh na mílte de lucht leanúna sacair na hÉireann chuig an Fhrainc le tacú le hÉirinn i gCraobhchomórtais Sacair na hEorpa. Cuireadh fáilte rompu chuile áit a ndeachaigh siad agus fios ag gach duine gur lucht leanúna díograiseach, dílis agus spraíúil iad. Cuireadh ar YouTube cuid de na héachtaí a rinne siad. Bhí Peter Coonan agus Lochlann Ó Mearáin i measc an lucht leanúna agus iad ar a dturas féin lena fháil amach céard go díreach atá chomh speisialta faoi lucht leanúna sacair na hÉireann.

Físeáin ar Fáil