Fíorscéal | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Fíorscéal

Déar
10.30pm
Máir
mall
     

An tSeachtain seo ar Fíorscéal:
An Mactíre Amú

Fógraíocht

Fíorscéal 18-22

Rátáil Tuismitheora: 12A

Clár faisnéise faoin bhforbairt atá á dhéanamh ar chóir leighis do ghalar croí agus an dul chun cinn atá súil a dhéanamh sa réimse sin amach anseo. Ní raibh Elmar Sprink ach 38 mbliana d'aois nuair a stop a chroí. Tháinig sé slán á bhuíochas do thrasplandú croí ach ní mhaireann croí ó thrasphlandú ach thart ar 10 mbliana agus tá Elmar ar a dhícheall ag iarraidh teacht ar bhealach chun cur leis sin. I measc na ndaoine a bheidh páirteach sa chlár beidh eolaithe agus speisialtóirí cairdiacha.

Chéad Taispeántas: 22 Fea

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Fíorscéal

Séasúr nua de Fíorscéal a thugann aghaidh ar mhórcheisteanna idirnáisiúnta trí shúile na léiritheoirí teilifíse is fearr, is misniúla agus is conspóidí ar domhan le athghuthú Gaeilge ar rogha clár faisnéise ón iasacht.  Oscailt ar shúil eile is ea gach clár acu.


Sraith Nua


An Mactíre Amú   01.03.18 @ 10.30pm

Clár faisnéise a chaithfidh súil ar Megeti, mac tíre ón Aetóip a thagann trasna na nGarbhchríoch ag tóraíocht baile nua di féin nuair a scartar óna conairt mic tíre í. Caithfidh sí conairt mic tíre nua a aimsiú le maireachtáil. Bíonn uirthi dul isteach i gceantair nach bhfuil mórán eolais aici orthu, ina bhfuil tógálaithe eallaigh agus mic tíre eile iontu. Ní gnáthchlár faisnéise é seo mar beidh deis ag an lucht féachana léargas uathúil a fháil ar phortráid an chreachadóra trí scannánaíocht ardleibhéil agus grianghrafadóireacht fíorálainn ar tírdhreach nach bhfeictear go minic ar an teilifís.

Fia Mór Yellowstone  08.03.18 @ 10.30pm

Clár faisnéise faoin bhfia mór agus an laghdú tubaisteach atá tagtha ar a líon i bPáirc Náisiúnta Yellowstone i Meiriceá. Cé go bhfanann roinnt díobh sa pháirc i gcaitheamh na bliana, fágann tréada móra eile an pháirc sa gheimhreadh. Tá ceann de na tréada sin anois i mbaol. Bhíodh 19,000 ainmhí sa cheantar tráth ach le leathscór bliain, tá a líon laghdaithe 80 faoin gcéad. Ní fios go fóill cén fáth. Féachfaidh ceathrar taighdeoirí leis na míreanna mearaí a chur le chéile agus tabharfar léargas ar an éiceachóras casta atá ann.

An Cás in Aghaidh Mheicsiceo  15.03.18 @ 10.30pm

Clár faisnéise faoi thriúr sceithirí i Meicsiceo atá ag iarraidh deireadh a chur le coiriúlacht agus údaráis chama na tíre a thabhairt chun dlí. Tá ardú tubaisteach ar choireacht agus ar gháinneáil drugaí sa tír agus tá Jose Guevara, Michael Chamberlin agus Ariana Garcia ar a ndícheall le deireadh a chur leis an tsaoirse ó phionós atá i réim sa tír. Tá na húdaráis agus na hoifigigh náisiúnta is airde sa tír páirteach sa choiriúlacht, iad cam agus ciontach, agus tá siadsan anois ag iarraidh iad a thabhairt os comhair na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta san Ísiltír.

Físeáin ar Fáil