Fir Bolg | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Fir Bolg

Déa
9.30pm
     

Sraith drámaíochta grinn.

B’iad na Fir Bolg ceannródaithe an cheoil thraidisiúnta i dtús na hathbheochana, deich mbliana fichead ó shin.  Ach d’imigh sin agus tháinig seo.

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: PG

Ó tharla é socraithe anois ag na fir dul ar ais ag ceol, tosaíonn siad ag cleachtadh a gcuid seanamhrán arís. Ach ní fada go mbíonn cuid de na slíomadóirí a mbíodh aithne acu orthu fadó ag tarraingt orthu arís. I measc na n-aisteoirí speisialta sa chlár seo beidh Caroline Morahan, Marty Morrissey agus Paddy Courtney.

Chéad Taispeántas: 12 Dfo

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

Sraithdhráma nua grinn Gaeilge, thar a bheith dúchasach, sé chlár ina bhfeictear go soiléir nach naoimh iad lucht an cheoil agus gur iomaí scéal ceilte a thagann chun solais nuair a thagann grúpa meánaosta le chéile tar éis blianta fada scartha.  Seo cúlra an scéil; b’iad na Fir Bolg ceannródaithe an cheoil thraidisiúnta i dtús na hathbheochana, deich mbliana fichead ó shin.   Thuilleadar cáil agus clú, thaisteal siad an tír agus an domhan mór agus b’iomaí eachtra a bhain dóibh sa ré ghlórmhar sin agus go leor acu nach mbeadh oiriúnach le craoladh ar an teilifís.

Ach d’imigh sin agus tháinig seo.  Thit an grúpa as a chéile ar chúiseanna éagsúla.  Cé gur minic a casadh na baill ar a chéile san eadarlinn, níor chasadar aon cheol le chéile.

Anois agus iad ar shochraid a mbunaitheora, ritheann an smaoineamh le duine acu go bhfuil airgead le déanamh ach an grúpa a thabhairt le chéile arís agus ceolchoirm chlabhsúir a eagrú.   Dea-smaoineamh, b’fhéidir, ach is gearr go bhfuil cúpla casadh sa scéal agus éileamh ar bhreis coirmeacha.  Anois a thosaíonn scaoileadh na rúin agus na sean-fhaltanas (agus cúpla ceann nua freisin).   Tá an bunaitheoir ar lár agus níl a chumas athmhuintearais ar fáil agus ní fada go bhfuil an clampar chomh glórach leis an gceol.   Dúisítear sean-ábhar aighnis agus tagann an grá ina dhing idir na baill.

Tá cliar iontach aisteoirí tugtha le chéile don tsraith seo, ina measc Seán McGinley, Don Wycherley, Aonghus McAnally, Peadar Cox, Máirtín Jaimsie agus Caroline Morahan.  Anuas air sin, thoiligh roinnt pearsain aitheanta a bheith páirteach ina gcáilíocht féin – rud a chuireann go mór leis an spraoi – ina measc Patrick Bergin, Liam Cunningham, Stephen Rea, Amy Huberman, Paddy Moloney, Ryan Tubridy, Brendan Grace agus Conal Gallen.

Tá ceol den scoth ann agus 12 amhrán nua leis na Fir Bolg a chum agus a chóirigh Fiachna Ó Braonáin, ceoltóir agus craoltóir aitheanta, a bhí ina stiúrthóir ceoil ar an togra. Tom Sullivan a stiúraigh agus is é Brian Reddin a scríobh agus a chomh-léirigh le John Brady.

Léirítear an tsraith le tacaíocht atá i bhfeidhm ag Rialtas na hÉireann do scannáin agus do dhrámaíocht teilifíse faoi Alt 481 agus ón scéim Fuaim agus Fís Údarás Craolacháin na hÉireann.

Léiriú le Dearg Films

Físeáin ar Fáil