Skip to main content
Menu

Fir, Marú agus Grá

     

Sraith chumhachtach fhaisnéise/dhrámaíochta ina gcaitear súil siar ar chásanna dúnmharaithe sa tír seo inar mharaigh an fear a bpáirtí.

Fógraíocht

Fir, Marú agus Grá 1-2

Rátáil Tuismitheora: 15A

Sraith ina gcaitear súil ar chásanna dúnmharaithe in Éirinn inar mharaigh an fear a chéile nó a leannán. Ba chosúil gur lánúin shásta ghrámhar a bhí i Mary agus Colin Whelan nuair a phósadar i dtús na bliana 2001. Ach ní mar a síltear a bítear agus taobh istigh de shé mhí thángthas ar chorp Mary ag bun an staighre ina dteach cónaithe i mBaile Brigín i dtuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath. Dúirt Colin gur ansin a fuair sé í agus gur thit sí anuas an staighre. Léirigh scrúdú iarbháis, áfach, gur tachtadh í agus gur leagadh a corp ag íochtar an staighre ionas go gceapfaí gur timpiste a bhí ann.

Chéad Taispeántas: 21 Mfo

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Is sraith theilifíse tharraingteach agus dorcha de dramaí fáisnéise í Fir, Marú agus Grá a thugann léargas lom agus neamhghéiliúil ar na cuinsí a chur fonn ar shé fear a bpáirtí a marú. Trí agallaimh leis an bhfoireann fhiosrúcháin, tuairisceoirí cúirte agus iriseoirí a lean na cásanna, insítear gach scéal le athchóiriú drámatúil ar na príomh pointí fianaise a chur foireann Ionchúisimh an Stáit os comhar na cúirte.

 

Léiriú le Midas Productions

Físeáin ar Fáil