FleadhTV 2017 | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

FleadhTV 2017

Beo ó Inis 18 – 20 Lúnasa

Físeáin Faoi Thrácht

Fógraíocht

Ag tosú 18.08 @ 8.30pm

FleadhTV 2017

Réabhlóid, ní haon ghnáthchlár teilifíse ceoil é seo. Seo é FleadhTV !

An 18ú, 19ú & 20ú Lúnasa 2017, fillfidh an clár teilifíse réabhlóideach, FleadhTV go dtí TG4 Ceol beo teilifíse atá i gceist ach ní haon ghnáthchlár beo é seo!  Cuimhnigh ar Glastonbury ach leis na ceoltóirí traidisiúnta Gaelacha is fearr ag ceol ó chroí lár na Fleadh Ceoil in Inis in 2017 agus cor nua air.   Beidh FleadhTV ag craoladh beo ón 8.30pm go dtí 11.30pm ar feadh trí oíche i mí Lúnasa.   In Inis, Co. an Chláir a bheidh Fleadh Cheoil 2017, féile seachtaine a tharraingíonn suas le 400,000 duine chuile bhliain.

Ar dhuine de láithreoirí FleadhTV i mbliana beidh Hector Ó hEochagáinin éineacht le Mairéad Ni Chuaig . Beidh na láithreoirí i lár an aicsin ag an bhFleadh.   Beidh chuile chineál ruda ar bun ag Hector ar shráideanna an bhaile in Inis; beidh Mairéad ar a sáimhín só in aice an phríomhstáitse i lár an bhaile.

Deimhnithe le bheith ar FleadhTV 2017 tá Sharon Shannon & Big Band, Lúnasa, Clannad, Gerry ‘Banjo’ O’Connor, Muintir Mooney, Banna Finnegan McSherry, Banna Céilí Chill Fhionnúrach in éineacht le Banna Píob na Tullaí & Cór na nÓg Baile Uí Aodha, Banna Lisa Canny, Bow Bro’s, Rioghnach Connolly & a Muintir, Daoiri Farrell & Blackie O’Connell, Muintir Mulcahy, Kevin Crawford, Skippers Alley, Las, Fusion Fighters agus neart eile….

www.fleadhcheoil.ie

Físeáin ar Fáil