Baile | FleadhTV 2017 | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

FleadhTV 2017

Beo ó Inis 18 – 20 Lúnasa

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Fleadh TV, sraith ceoil agus siamsaíochta beo a léireoidh an ceol traidisiúnta agus an ceol tíre is fearr ó Fhleadh Cheoil na bliana seo in Inis. I measc na gceoltóirí ar chlár na hoíche anocht beidh Clannad, Sharon Shannon, John Carty Festival Band, Skippers Alley agus Fusion Fighters.

Chéad Taispeántas: 20 Lun

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

FleadhTV 2017

Réabhlóid, ní haon ghnáthchlár teilifíse ceoil é seo. Seo é FleadhTV !

An 18ú, 19ú & 20ú Lúnasa 2017, fillfidh an clár teilifíse réabhlóideach, FleadhTV go dtí TG4 Ceol beo teilifíse atá i gceist ach ní haon ghnáthchlár beo é seo!  Cuimhnigh ar Glastonbury ach leis na ceoltóirí traidisiúnta Gaelacha is fearr ag ceol ó chroí lár na Fleadh Ceoil in Inis in 2017 agus cor nua air.   Beidh FleadhTV ag craoladh beo ón 8.30pm go dtí 11.30pm ar feadh trí oíche i mí Lúnasa.   In Inis, Co. an Chláir a bheidh Fleadh Cheoil 2017, féile seachtaine a tharraingíonn suas le 400,000 duine chuile bhliain.

Ar dhuine de láithreoirí FleadhTV i mbliana beidh Hector Ó hEochagáinin éineacht le Mairéad Ni Chuaig . Beidh na láithreoirí i lár an aicsin ag an bhFleadh.   Beidh chuile chineál ruda ar bun ag Hector ar shráideanna an bhaile in Inis; beidh Mairéad ar a sáimhín só in aice an phríomhstáitse i lár an bhaile.

Deimhnithe le bheith ar FleadhTV 2017 tá Sharon Shannon & Big Band, Lúnasa, Clannad, Gerry ‘Banjo’ O’Connor, Muintir Mooney, Banna Finnegan McSherry, Banna Céilí Chill Fhionnúrach in éineacht le Banna Píob na Tullaí & Cór na nÓg Baile Uí Aodha, Banna Lisa Canny, Bow Bro’s, Rioghnach Connolly & a Muintir, Daoiri Farrell & Blackie O’Connell, Muintir Mulcahy, Kevin Crawford, Skippers Alley, Las, Fusion Fighters agus neart eile….

www.fleadhcheoil.ie

Físeáin ar Fáil