Fuaimrian Mo Shaoil | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Fuaimrian Mo Shaoil

Tues
8.30pm
     

Casfaidh Dáithí Ó Sé le aoi speisialta gach seachtain agus labhróidh siad faoin gceol a raibh tionchar aige ar a saol.

Bernard Dunne – 20.06 @ 8.30pm

Casfaidh Dáithí le iar-sheaimpín WBA agus Chraobh For-choileachmheáchain na hEorpa, Bernard Dunne. Labhróidh sé ar an gceol a mbíodh sé ag éisteacht leis nuair a bhíodh sé ag traenáil, a mheall a bhean agus a chuireann a chuid leanaí i gcuimhne dó.

Maighréad Ní Dhomhnaill – 27.06 @ 8.30pm

Sa gclár seo labhróidh Dáithí Ó Sé leis an amhránaí agus ceoltóir Maighréad Ní Dhomhnaill faoin gceol a thug inspioráid di, an grúpa ceoil tíre ‘Skara Brae’ a bhunú agus faoin ngrá atá aici do cheol Dolly Parton agus faoin obair a rinne sí in éineacht le Dónal Lunny.

Ger Canning – 04.07 @ 8.30pm

Labhróidh Dáithí Ó Sé le craoltóir spóirt RTÉ Ger Canning faoin gceol is mó a thaitníonn leis chomh maith leis na cuimhní atá aige ar a athair, an ceol ar thit sé féin agus a bhean i ngrá leis agus an ceol as an tír is fearr leis, an Astráil.

Mary Kennedy – 11.07 @ 8.30pm

Labhróidh Dáithí Ó Sé le láithreoir RTÉ Mary Kennedy faoin gceol a mbíodh sí ag éisteacht leis agus í ag fás aníos agus faoi na hamhráin a chuireann a hiníon, atá ag obair thar lear, i gcuimhne di. Rachaidh Mary siar ar bhóithrín na smaointe agus labhróidh sí faoi na seisiúin amhránaíochta a bhíodh aici sa teach agus faoi a bheith ag gabháil fhoinn lena dlúthchara Eleanor McEvoy.

Harry McGee – 25.07 @ 8.30pm

Sa gclár seo labhróidh Dáithí Ó Sé le comhfhreagraí polaitíochta an Irish Times, Harry McGee. Inseoidh sé dó faoin gceol a mbíodh sé ag éisteacht leis agus é ag fás aníos i nGaillimh agus mar a thug sé a chaipín do Bono ag ceolchoirm nuair a bhí sé óg. Labhróidh sé faoin gceol a thaitníonn leis agus é ag dreapadh sléibhe agus an grá atá aige don Ghaeilge.

Máirtín Jaimisie – 01.08 @ 8.30pm

Labhróidh Dáithí Ó Sé leis an gcraoltóir agus leis an aisteoir Máirtín Jaimsie. Déanfaidh Máirtín cur síos ar an gceol a bhíodh acu in Árainn agus labhróidh sé ar na pearsana móra ceoil a thaifead sé ina chraoltóir le Raidió na Gaeltachta.

Físeáin ar Fáil