Fuaimrian Mo Shaoil | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Fuaimrian Mo Shaoil

Tues
8.30pm
     

Fógraíocht

Pauline Scanlon 1-7

Rátáil Tuismitheora: G

Labhróidh Dáithí Ó Sé le duine den bheirt atá sa bhanna ceoil as Ciarraí - Lumiere. Déanfaidh Pauline Scanlon cur síos dó ar an gceol a mbíodh sí ag éisteacht leis agus í ag fás aníos sa Daingean agus mar a d’éirigh léi ceol a thaifeadadh in éineacht le Sinead O'Connor. Labhróidh sí faoina cuid laochra ceoil Joni Mitchell, Sharon Shannon agus John Spillane.

Chéad Taispeántas: 8 Lun

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

Fuaimrian Mo Shaol

Casfaidh Dáithí Ó Sé le aoi speisialta gach seachtain agus labhróidh siad faoin gceol a raibh tionchar aige ar a saol.

Pauline Scanlon – 08.08 @ 8.30pm

Labhróidh Dáithí Ó Sé le duine den bheirt atá sa bhanna ceoil as Ciarraí – Lumiere. Déanfaidh Pauline Scanlon cur síos dó ar an gceol a mbíodh sí ag éisteacht leis agus í ag fás aníos sa Daingean agus mar a d’éirigh léi ceol a thaifeadadh in éineacht le Sinead O’Connor. Labhróidh sí faoina cuid laochra ceoil Joni Mitchell, Sharon Shannon agus John Spillane.

Dermot Somers – 15.08 @ 8.30pm

Déanfaidh an sléibhteoir, scríbhneoir agus craoltóir Dermot Somers cur síos do Dháithí ar na cineálacha ceoil atá cloiste aige ar fud na cruinne. Is maith leis féin go leor cineálacha ceoil ar nós ceol blues, ceol gaspal agus an sean-nós agus is maith leis amhrán as Neipeal a chasadh.

Donncha Ó Dúlaing – 22.08 @ 8.30pm

An craoltóir Donncha Ó Dúlaing a bheidh i mbun cainte le Dáithí Ó Sé anocht. Labhróidh sé ar na cairde mór ceoil a bhí aige i gcaitheamh a shaoil. Labhróidh sé faoi Daniel O’Donnell agus Bridie Gallagher agus déanfaidh sé cur síos dúinn ar an amhrán a bhí á chasadh nuair a chonaic sé a bhean den chéad uair agus ar an gceol ar maith leis éisteacht leis nuair a thugann sé faoi shiúlóidí carthanachta.

Físeáin ar Fáil