Grace Harte | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Grace Harte

Déa
10.00pm
     

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Sraith nua drámaíochta: Mothaíonn Grace Harte go bhfuil sí sáinnithe i bpósadh gan paisean sa seanóstán a ritheann sí in éineacht lena fear céile Leo ar chósta thiar na hÉireann. Nuair a thagann surfálaí óg, Danny, chuig an trá cóngarach don óstán, tarlaíonn go leor eachtraí foréigneacha a athróidh saol gach duine go deo.

Chéad Taispeántas: 14 Mfo

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

Grace Harte

Sraith nua 3 eagrán atá suite in óstán in iarthar na tíre atá ag titim as a chéile, faoi mar atá pósadh an lánúin atá ina bhun.
Tá Leo agus Grace Harte sna daicheadaí, iad pósta le fada agus i mbun Óstán Harte le tamall maith freisin. Níl bail iontach ar an ngnó agus measann Grace gur cheart dóibh an t-óstán a athchóiriú le borradh a chur faoi agus faoina gcaidreamh freisin, b’fhéidir. B’fhearr le Leo rudaí a fhágáil mar atá.
Tosaíonn an scéal ag deireadh an tséasúir turasóireachta, tráth a dtagann Danny, fear óg fuinniúil, ar an láthair agus scoil nua surfála oscailte aige in aice láimhe, ag breith buntáiste ar an margaíocht atá déanta ag Slí an Atlantaigh Fhiáin don cheantar cósta seo.
Nuair a admhaíonn Grace do Danny go mbíonn scaití ann nuair ab fhearr léi nach mbeadh Leo ina saol ar chor ar bith, téann an fear óg i mbun gnímh lena mharú ach ní mar a shíltear a tharlaíonn.

Físeáin ar Fáil