Skip to main content

Gradam Ceoil TG4

Domh
04.02

An Ceol Choirm

Bronnfar na Gradaim ag Coirmcheoil agus Duaisbhronnadh beochraolta ón Waterfront i mBéal Feirste beo ar TG4 04.02 @ 9.30pm

Gradam Ceoil TG4 2018 | An Ceolchoirm


Is gearr uainn an oíche is mó sa bhliain do lucht an cheoil thraidisiúnta agus tá réaltaí stáitse agus teilifíse ag fáil faoi réir le haghaidh a thabhairt ar Bhéal Feirste.
Ina measc sin a bheidh i láthair ag Gradam Ceoil, gradaim cheoil thraidisiúnta TG4, a bheidh ar siúl i Waterfront Bhéal Feirste Dé Domhnaigh an 4 Feabhra, 2018 beidh an t-aisteoir clúiteach, Stephen Rea agus Matt Molloy The Chieftains.

Anois agus dlús le séasúr na ngradam, is deis a bheidh i Gradam Ceoil do lucht leanta an cheoil i mBéal Feirste sult a bhaint as an spraoi agus an ríméad a bhaineann le hócáid gradam den chineál seo a chraoladh beo gan trácht ar na taispeántais bheo den chéad scoth a bheidh ann ar an oíche.

Seo í an chéad uair riamh ó bunaíodh an Gradam, bliain is fiche ó shin, a reáchtálfar ceolchoirm Ghradam Ceoil i gCúige Uladh. ‘Gradaim Oscar an cheoil thraidisiúnta’ mar a thugtar orthu, ócáid mhór ag lucht leanta an cheoil ar fud na hÉireann agus níos faide ó bhaile, beidh an ceolchoirm bheo agus searmanas bronnta Ghradam Ceoil TG4 ar siúl sa Waterfront i mBéal Feirste an Domhnach an 4 Feabhra, 2018 agus craolfar beo ar TG4 iad ag 9.30pm.

Agus plúr na gceoltóirí traidisiúnta agus na n-amhránaithe i láthair, déanann Gradam Ceoil ceiliúradh ar an gcumas atá i gceoltóirí ar fud na hÉireann agus an domhain agus a bhfuil bainte amach acu. Rachaidh na gradamóirí, ceoltóirí traidisiúnta den chéad scoth, chun stáitse chun píosaí breátha ceoil a chasadh in éineacht le maithe agus mór uaisle eile an cheoil i seó a mbeidh cuimhne go ceann i bhfad air.


Na Ceoiltóirí ar an oíche

Dónal O’Connor, John McSherry, Harry Bradley, Úna Monaghan, Niall Hanna, Jonathon McCloy

Clare Friel, Síle Friel, Anna Friel, Cathal Ó Curráin

Pádraigín Ní Uallacháin, Piaras Ó Lorcáin, Bláthín Mhic Cana

Pádraigín & The Voice Squad , Pádraigín Ní Uallacháin, Gerry Cullen, Phil Callery, Fran McPhail

The Field Marshall Montgomery Pipe Band

Patsy Hanly, John Carty, Matt Molloy

Patsy Hanly, John Wynne, John Carlos, Tommy Guihan

Máire Ní Chéileachair, Nell Ní Chróinín, Conchubhair Ó Luasa

“The Provenance” Frankie Gavin, Brian McGrath, George Grasso, Éadaoin Ní Mhaicín, Sorcha Costello, Ciara Ní Bhriain

Frankie Gavin, Carl Hession

De Danann – Frankie Gavin, Máirtín O’Connor, Alec Finn, Colm Murphy


Waterfront, Béal Feirste
Dé Domhnaigh 4ú Feabhra

Tá ticéid do Dhuaisbhronnadh/Ceolchoirm Ghradam Ceoil TG4 ar fáil, luach £25, ón www.waterfront.co.uk, Teileafón +44(0)2890 334455.


Físeáin ar Fáil