Ceoltóir Óg na Bliana | Gradaim 2017 | Gradam Ceoil TG4 | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Gradaim 2017

Ceoltóir Óg na Bliana

Tá cáil an cheoil le fada an lá ar Shráid na Cathrach in iarthair an Chláir is é sin fód dúchais an fhir óig seo.   Bhí an ceol sa mbaile aige ón gcliabhán agus is maith mar hoileadh sa traidisiún é.

Liam O’Brien

Ardlua

Tá cáil an cheoil le fada an lá ar Shráid na Cathrach in iarthair an Chláir is é sin fód dúchais an fhir óig seo.   Bhí an ceol sa mbaile aige ón gcliabhán agus is maith mar hoileadh sa traidisiún é.
 

Go deimhin tá aibíocht agus stuaim nach bhfuil ag mórán ina chuid ceoil ar an gconsairtín agus gan é ach ina thús.  Cloisfidh tú aibíocht agus tuiscint a thugann le fios duit láithreach go bhfuil a cheird foghlamtha go maith ag an bhfear seo agus gur ó mháistrí an cheoil a fuair sé a chuid oiliúna.   Dá fheabhas iad na múinteoirí, áfach, ní ag aithris ar éinne atá sé mar go bhfuil a phearsantacht agus a stíl uathúil  féin le brath go láidir ina chuid ceoil.
 

Bíonn sé ar a chompord ag seinm as féin nó ag seisiún le ceoltóirí eile agus tá cluas mhaith air ag éisteacht leo sin atá ina thimpeall le go gcuirfidh sé leis an seisiún go tuisceanach tomhaiste.  Is ceoltóir go smior é.
 

Tá oideachas foirmiúil faighte aige freisin lena Chéim Damhsa agus Ceoil ó Ollscoil Luimnigh  agus éileamh ar leith air cheana féin mar mhúinteoir.  Tá a chuid ceoil ar fáil ar Bríd O’Donohue and family – Cliabhán an Dúchais, albam a d’eisigh a theaghlach sa mbliain 2011.
 

Tá Gradam TG4 do Cheoltóir Óg na Bliana á bhronnadh ar LIAM O’BRIEN
 

Biog

Rugadh Liam O’Brien i Sráid na Cathrach in iarthar an Chláir sa bhliain ????? us tógadh le ceol é sa bhaile. De bhunadh Shráid na Cathrach a mháthair, Bríd O’Donoghue, bean a bhfuil clú uirthi mar cheoltóir, mar mhúinteoir agus mar chrann taca ag Scoil Samhraidh Willie Clancy.
 

Thosaigh Liam ag foghlaim an cheoil traidisiúnta ar an fheadóg stain nuair a bhí sé ceithre bliaina d’aois faoi stiúiradh a mháthar agus ní fada go raibh smacht aige ar an ghléas seo. Ba léir go raibh an ceol san fhuil aige agus ba ghearr gur chuir sé spéis sa chonsairtín. Bhí deis aige dul chuig ranganna le Noel Hill, sár-cheoltóir na huirlise sin, fear a thug spreagadh, comhairle agus cabhair dó.
 

Tá rian Noel le mothú ar cheol Liam nuair a chluineann tú an mháistreacht atá aige ar theicníc agus an ghlaine atá ina chuid ceoil, ach is é a bhlas sonrach féin atá ag Liam gan amhras. Tá a chuid ceoil le cloisint ar dhlúthdhiosca a éisíodh sa bhliain 2011, Bríd O’Donohue and family – Cliabhán an Dúchais.
 

Bhain Liam céim amach sa cheol agus damhsa traidisiúnta in Ollscoil Luimnigh, áit ar chuir sé aithne ar Hajime Takahashi, giotaraí as Tokyo na Seapáine. Le blianta anuas bíonn Liam agus Hajime ag seinm le chéile agus ag teagasc go rialta ar fud an domhain – Tokyo, An Tansáin, An Rómáin, An Fhrainc, An Eilvéis, An Ostair, Albain – agus ag féilte agus ag scoileanna samhraidh ar fud na hÉireann.
 

Tá ard-mheas ag ceoltóirí eile ar Liam agus aithnítear an stíl shuntasach pearsanta atá aige ar an chonsairtín, ina bhfuil doimhneas agus gaois. Cé go bhfuil aird á tharraingt air mar cheoltóir aonair, bíonn sé ar a shuaimhneas i lár seisiún ceoil agus tá ard-mheas air dá bharr sin. Bíonn fearadh na fáilte roimhe i gcónaí sna seisiúin cheoil mar tá an umhlaíocht go smior ann agus luíonn sé isteach san cheol gan stró agus go fíneálta.
 

Tá a chuid ceoil le cloisint ar dhlúthdhiosca a éisíodh sa bhliain 2011: Bríd O’Donohue and family – Cliabhán an Dúchais
 

Físeáin ar Fáil