Gradam Saoil | Gradaim 2017 | Gradam Ceoil TG4 | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Gradaim 2017

Gradam Saoil

Is ceannródaí ildánach é an té a bhfuil an Gradam seo á bhronnadh air.  Bhí sé ag ceann gach nua-fhorbairt shuntasach sa gceol traidisiúnta le breis is daichead bliain, mar cheoltóir, mar chóiritheoir, mar thionlacaí nuálach, mar léiritheoir agus mar chumadóir.

Dónal Lunny

Ardlua

Is ceannródaí ildánach é an té a bhfuil an Gradam seo á bhronnadh air.  Bhí sé ag ceann gach nua-fhorbairt shuntasach sa gceol traidisiúnta le breis is daichead bliain, mar cheoltóir, mar chóiritheoir, mar thionlacaí nuálach, mar léiritheoir agus mar chumadóir.
 

Tá a shaothar fada théis clú agus meas a thuilleadh dhó go flúirseach – ón Bothy Band go  Planxty go Moving Hearts, Coolfin agus Mozaik anuas ar thograí le mór-cheoltóirí i réimsí eile ceoil, rac agus eile.     Chuir sé cor cinnte i bhforbairt an bouzouki agus cnag-uirlisí do thionlacan an cheoil traidisiúnta agus rinne cóiriú nua tuisceanach ar amhráin.
 

Is liosta fada le háireamh a chuid taifeadtaí foilsithe féin, le grúpaí, le ceol beirte, le ceoltóirí aonair agus a chuid cumadóireachta féin san áireamh ansin.
 

Thacaigh sé riamh le forbairt ar cheoltóirí óga agus roinn a chuid ama agus a thuiscint go fial leo, go háirithe ag cóiriú an cheoil agus ag léiriú taifeadtaí.   Tá oidhreacht ar leith cruthaithe sa réimse seo ar fáil óna sheal mar Ealaíontóir Cónaitheach in Ollscoil Luimnigh.
 

Ealaíontóir cruthanta é nach bhfuil aon mhaolú ar fhiosracht agus ar a dhúil tabhairt faoi rudaí nua agus an nua-theicneolaíocht a chur chun tairbhe an cheoil dúchais.   Abhcóide ábalta agus ambasadóir domhanda é atá siúlach, scéalach.

Tá an Gradam Saoil tuillte go maith ag DÓNAL LUNNY
 

Biog

Rugadh Dónal Lunny sa Tulach Mór sa bhliain 1947 de bhunadh Ultach. B’as Inis Ceithleann i bhFear Manach dá athair Frank Lunny agus de bhunadh Rannn na Feirste i nGaeltacht Thír Chonaill dá mháthair, Mary Rogers.
 

Óna óige bhí a chroí istigh sa cheol, san amhránaíocht, sna healaíona agus sa Ghaeilge agus thuig sé an tábhacht a bhain leis dúchas agus oidhreacht chultúrtha a mháthar. Go dtí an lá atá inniu ann, tá an lorg Ultach ar shaothar Dhónail cheoltóir, mar chumadóir agus mar dhuine de phríomhnuálaithe an cheoil traidisiúnta.
 

Nuair a bhreathnaítear ar a bhfuil bainte amach ag Dónal, ó shin i leith, is léir gur fathach ceoil traidisiúnta é. Tá an oiread sin nuála agus cruthaíochta luaite leis, gur deacair a shamhlú gur duine amháin a rinne é – ag forbairt grúpaí ceoil, ag cothú ard-chaighdeán léirithe agus fuaime, ag forbairt uirlisí ceoil (an bouzouki agus sintéiseoirí ach go háirithe), agus é ar feadh an ama ag ceann cur chuige nuálach sa cheol maidir le rithim agus cnaguirlisí.
 

Tá a chuid ceoil ar fáil ar bhreis is 50 albam agus i measc na ngrúpaí agus na gceoltóirí a bhfuil dlúthbhaint ag Dónal leo tá Emmet Spiceland, Planxty, Bothy Band, Moving Hearts, Coolfin agus Mozaik. Bíonn Dónal ag seinm agus ag taifead go fóill le Liam O’Flynn, Paddy Glackin, Andy Irvine, Zoe Conway, agus Máirtín O’Connor. Is minic é ag obair le múnlaí eile ceoil agus tá cáil air freisin as a a chuid oibre le Elvis Costello, Baaba Maal, Sinéad O’Connor, agus go leor eile.
 

Agus an taithí seo aige, ní ábhar iontais go mbíonn an-tóir air go fóill mar léiritheoir, cóiritheoir agus cumadóir. Tá Dónal fiosrach fós faoi nadúr an cheoil agus faoi na múnlaí úra atá ag teacht chun tosaigh, agus bíonn sé i gcónaí ag comhoibriú le ceoltóirí óga agus á spreagadh. Le déanaí ceapadh é ina Ealaíontóir Cónaitheach ag Ollscoil Luimnigh, áit a mbíonn sé ag teagasc an cheoil.
 

Ealaíontóir flaithiúil é agus tá sé tiomanta go díograiseach don cheol agus gan amhras is ambasadóir é dár n-oidhreacht cheoil ar fud na cruinne. Is cuma cén treo a mbreathnaíonn tú uait i saol an cheoil traidisiúnta, níl aon amhras ná go mbeidh an ceoltóir ildánach uileláithreach seo ann.
 

Físeáin ar Fáil