Amhránaí na Bliana | Gradaim 2018 | Gradam Ceoil TG4 | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Gradaim 2018

Amhránaí na Bliana

Is as an bhFearann i gCorcaigh don bhean seo, duine de na hamhránaithe is binne sa cheol Gaelach.  Is as Cill na Martra i nGaeltacht Mhúscraí dá muintir agus tá stíl an cheantair seo go smior ina cuid ceoil. Tá ardmheas uirthi mar amhránaí agus mar mhúinteoir freisin.

Máire Ní Chéileachair

Ardlua

Is as an bhFearann i gCorcaigh don bhean seo, duine de na hamhránaithe is binne sa cheol Gaelach.  Is as Cill na Martra i nGaeltacht Mhúscraí dá muintir agus tá stíl an cheantair seo go smior ina cuid ceoil. Tá ardmheas uirthi mar amhránaí agus mar mhúinteoir freisin.

B’í an chéad stiúrthóir ar Aisling Gheal – Scéim Forbartha Amhránaíochta Mhúscraí – agus tá blianta caite aici i mbun ranganna amhránaíochta d’aos óg Mhúscraí. Is ball í freisin de Acadamh Fódhla sa gceantar céanna. Tá mórán duaiseanna bainte amach aici ag comórtais sean-nóis Oireachtas na Gaeilge le blianta anuas agus is minic í páirteach i bhféilte ceoil agus amhránaíochta ar fud na tíre agus thar lear, sa Fhrainc, sa Ghearmáin, i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe.

D’eisigh sí an CD aoibhinn Guth ar Fán cheithre bliana ó shin agus tá an gradam mar Amhránaí na Bliana tuillte go maith ag ire Ní Chéilleachair.

 

Biog

Rugadh agus tógadh Máire ar an bhFearann, Co Chorcaí agus is ó Chill na Martra i Múscraí dá muintir roimpi, tobar an dúchais ar mhórán slite, áit a bhfuil oidhreacht shaibhir amhrán, fhilíochta, sheanchais agus eile.

Cé nár chan sí mórán ina hóige, fuair sí tógáil ina raibh meas agus tuiscint dhomhain ar an traidisiún sin agus ardmheas air.  Agus í ina déagóir, dhírigh a cluas agus a haird ar an amhránaíocht sean-nóis agus níorbh fhada go raibh sí faoi gheasa aige ó thaobh áilleachta, binnis agus mothúcháin.  Thapaigh sí gach deis éisteacht le máistrí na ceirde ag cóisir, ag féilte, ag an Oireachtas agus ag coirmeacha ceoil.

Rinne sí príntíseacht fhada fhoighneach chúig bhliana fichead mar seo agus bhí an dá scór bliain slánaithe aige sular chan sí amhrán go poiblí.

Measann sí féin gur sheas an fanacht fada agus an éisteacht fhoighneach sin go maith di ó shin.

Tá ardmheas agus gean ar leith ag amhránaithe eile ar Mháire  agus ar a cumas mar mhúinteoir a thuigeann a ceard agus atá ábalta í a sheachadadh chuig na foghlaimeoirí a thagann faoina cúram.

Is amhránaí binn í, múinteoir cumasach agus abhcóide paiseanta ar son an tsean-nóis agus an chultúir a ghabhann leis.  B’í an chéad stiúrthóir  ar Aisling Gheal – Scéim Forbartha Amhránaíochta Mhúscraí – agus tá blianta caite aici i mbun ranganna amhránaíochta d’aos óg Mhúscraí. Is ball í freisin de Acadamh Fódhla sa gceantar céanna.

Tá mórán duaiseanna bainte amach aici ag comórtais sean-nóis Oireachtas na Gaeilge le blianta anuas agus is minic í páirteach i bhféilte ceoil agus amhránaíochta ar fud na tíre agus thar lear, sa Fhrainc, sa Ghearmáin, i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe.

D’eisigh sí an CD aoibhinn Guth ar Fán.

Físeáin ar Fáil