Ceoltóir Óg na Bliana | Gradaim 2018 | Gradam Ceoil TG4 | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Gradaim 2018

Ceoltóir Óg na Bliana

Is i nGlaschú a rugadh í sa mbliain 1993 ach ar de dhúchas Thír Chonaill (na Rossa agus an Cheathrú Caol i bhFánaid).

Clare Friel

Ardlua

Tá an bhean óg seo tar éis clú a bhaint amach di féin mar cheoltóir den scoth a bhfuil fuinneamh agus ealaíon ina seinm agus ina cuid amhránaíochta agus snátha éagsúla a cúlra fite go gleoite ina chéile iontu.

Tugann an oidhreacht cheoil as a fáisceadh í le chéile tuiscint di ar cheol na gConallach agus a cheangal le hAlbain mar gur iomaí ceangal ceoil idir na Rossa agus Glaschú.

Is léir an caidreamh fad-bhunaithe seo sa taisce amhrán atá aici agus feictear iontu stair fhada na himirce agus na snaidhmeanna gaoil agus cleamhnais atá idir Tír Chonaill agus Albain.

Cloisimid ina ceol fidile an chumhacht, an fuinneamh agus an mháistreacht atá aici ina bhfuil eilimintí comhaimseartha agus stíl na linne seo go cinnte  ach iad bunaithe go domhain sa traidisiún agus sa gcultúr ar leith sin atá bunaithe idir an áit.

Tá rian na máistrí, Néillidh Ó Baoill agus Mairéad Ní Mhaonaigh ina measc, imithe i bhfeidhm uirthi agus í ag seinm go rialta anois lena deirfiúracha Anna agus Síle.   Tá a cáil ag leathadh agus ag méadú go leanúnach.

Is ardú croí bheith ag éisteach léi agus tá Gradam an Cheoltóra  Óg á bhronnadh ar Clare Friel.

 

Biog

Is i nGlaschú a rugadh í sa mbliain 1993 ach ar de dhúchas Thír Chonaill (na Rossa agus an Cheathrú Caol i bhFánaid).

Tugann an oidhreacht cheoil as a fáisceadh í le chéile tuiscint di ar cheol na gConallach agus a cheangal le hAlbain mar gur iomaí ceangal ceoil idir an taobh sin tíre agus Glaschú.

Cheana féin, tá clú bainte amach aici di féin mar cheoltóir den scoth a bhfuil fuinneamh agus ealaíon ina seinm fidile agus ina cuid amhránaíochta.  Tá snátha éagsúla a cúlra Gael-Albanach fite go gleoite ina chéile iontu.

Is léir an caidreamh fad-bhunaithe seo sa taisce amhrán atá aici agus feictear iontu stair fhada na himirce agus na snaidhmeanna gaoil agus cleamhnais atá idir Tír Chonaill agus Albain.

Is fada í ag ceol lena deirfiúracha Anna agus Síle agus is léir ansin oidhreacht cheoil na Rossan, ábhar a fuair siad  óna seanmháthair Neilí agus a máthair Síle, a gcomharsa Connie Mhary Mhicí Ó Gallchóir as Rann na Feirste.  Cloistear freisin comaoin a chuir Dolores Keane agus Cathal McConnell uirthi ina cuid amhrán.

Ar an bhfidil, tá tionchar na gConallach le brath go soiléir freisin mar go bhfuil agus go leor ceoil cloiste aici ó Mhairéad Ní Mhaonaigh, Tommy Peoples, Danny Meehan agus Néillidh Ó Baoighill.

Ach dá liachtaí iad na snátha seo, is é a guth sainiúil féin atá go soiléir i gceol na mná óige seo, idir amhráin agus fhidil.  Bíonn a lucht éisteachta faoi dhraíocht aici taobh istigh de mheandar.

Tá eolas ar fáil ag www.frielmusic.com faoi na turais a thugann sí lena  deirfiúracha agus is beacht mar theideal é The Friel Sisters ar an albam a d’eisigh siad i 2013.

 

Físeáin ar Fáil