Gradam Comaoine | Gradaim 2018 | Gradam Ceoil TG4 | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Gradaim 2018

Gradam Comaoine

Is i gContae Lú a rugadh Pádraigín Ní Uallacháin sa mbliain 1950  agus is ansin, i Maigh Eo agus i dTír Chonaill a tógadh í  i dteaghlach lán-Ghaeilge.  Bhí agus tá an teaghlach seo sáite agus báite sa teanga, sa gcultúr agus sa gceol Gaelach.

Pádraigín Ní Uallacháin

Ardlua

Is liosta le háireamh iad éachtaí agus scileanna na mná seo.  Is údar í ar thraidisiún amhránaíochta Oirialla.  Go deimhin tá taighde, taifeadadh, cóiriú agus cumadóireacht déanta aici – gan trácht ar a guth binn séimh mar amhránaí cumasach ar na ceirníní, craolta agus ceolchoirmeacha inar ghlac sí páirt le breis is dhá scór bliain.

Chuir a taighde ar thraidisiún amhrán Oirialla dá céim PhD agus an leabhar a lean as  A Hidden Ulster, comaoin mhór ar lucht léinn agus ceoil agus is forlíonadh ar an taighde sin an saothar is deireanaí uaithi –acmhainn ilghnéitheach ar-líne ina bhfuil rochtain ar raon leathan d’oidhreacht an cheantair idir sheanchas, amhráin agus ceol cruite.  Agus níl sa méid sin ach cuid dá saothar taighde i ngort an cheoil, na teanga agus litríocht na Gaeilge siar go ré na mbard.

B’í a rinne an taighde agus a láithrigh an tsraith Reels of Memory ar theilifís RTÉ  1979-81.  Chaith sí tréimhse mar Amhránaí Cónaitheach in Ionad Filíochta Shéamus Heaney in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste sa mbliain 2005.   Tá Gradaim agus duaiseanna bronnta uirthi ag Comhairlí Ealaíon, thuaidh agus theas, ag Foras na Gaeilge agus ag an Royal Literary Fund.   D’oibrigh sí ar thograí ceoil agus amhrán le mór-phearsain ceoil agus filíochta in Éirinn agus thar sáile le blianta fada.

Is abhcóide paiseanta ar son na cothromaíochta agus an comhionannais í i réimsí an cheoil agus níos forleithne.  Saothraíonn sí go dúthrachtach mar mhúinteoir agus is speagadh í don uile dhuine a castar Iéi.

Tá an Gradam Comaoine tuillte go cinnte ag Pádraigín Ní Uallacháin.

Biog

Is i gContae Lú a rugadh Pádraigín Ní Uallacháin sa mbliain 1950  agus is ansin, i Maigh Eo agus i dTír Chonaill a tógadh í  i dteaghlach lán-Ghaeilge.  Bhí agus tá an teaghlach seo sáite agus báite sa teanga, sa gcultúr agus sa gceol Gaelach.

Is ar an Mullach Bán i ndeisceart Ard Mhacha atá sí féin agus a clann lonnaithe anois agus í pósta leis an amhránaí aitheanta Len Graham.

Is bean ildánach amach is amach í Pádraigín; amhránaí, craoltóir, taighdeoir, scoláire, cumadóir agus múinteoir.  Chuaigh sí leis an gceol/taighde ar bhonn lán-aimseartha tamall tar éis di an tsraith Reels of Memory a chur le chéile agus a láithriú ar RTÉ 1979-81.

Is é traidisiún amhrán a ceantar dúchais, Oirialla, is mó atá saothraithe ag Pádraigín ó shin agus is saineolaí ‘par excellance’ ar an réimse seo í.  Chuir a taighde air dá céim PhD agus an leabhar a lean as,   A Hidden Ulster (2003) comaoin mhór ar lucht léinn agus ceoil agus is forlíonadh ar an taighde sin an saothar is deireanaí uaithi, (www.orielarts.com) acmhainn ilghnéitheach ar-líne ina bhfuil rochtain ar raon leathan d’oidhreacht ealaíne an cheantair idir sheanchas, amhráin agus ceol cruite.

Mar amhránaí, tá an iliomad taifeadadh déanta aice agus gradaim aitheantas bronnta uirthi as, ina measc Gradam Shean-Nós Cois Life,  sparánachtaí ó Chomhairlí Ealaíne thuaidh agus theas, tréimhse fhada mar Amhránaí Cónaitheach in Ollscoil na Ríona  sa Séamus Heaney Centre of Poetry, comhaltacht ón Royal Literary Fund agus go leor leor eile.

Go dtí seo tá 9 n-albam eisithe aici, ina measc  Stór ‘is a Stóirín (1994), When I Was Young (1995), An Dealg Óir (2002), Songs of the Scribe (2011) agus  Let the Fairies In (2012).

Físeáin ar Fáil