Gradam Ceoil TG4 | Gradaim 2018 | Gradam Ceoil TG4 | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Gradaim 2018

Gradam Ceoil TG4

Rugadh an ceoltóir ildánach seo sa mbliain 1956 agus is as Cor an Dola, 10 míle ó thuaidh de chathair na Gaillimhe dó.  Bhí an ceol ón gcliabhán aige agus thosaigh sé ag seinm agus é ina bhuachaill óg.   Ba léir ón tús go raibh gealladh faoi. Chuaigh luath-thaifeadtaí na haoise seo caite go mór i bhfeidhm air, ceirníní Phaddy Killoran, James Morrison, Dan Sullivan’s Shamrock Band agus na Flanagan Brothers ach go háirithe.  Bhuaigh sé Craobh fé 18 na hÉireann ar an bhfidil agus ar an bhfeadóg mhór an lá céanna.

Frankie Gavin

Ardlua

Le breis is dhá scór bliain, tá cáil mhór bainte amach ag an nGaillimheach ildánach seo i saol an cheoil traidisiúnta.  Tá go leor taifeadtaí déanta aige a áirítear ina gclasacaigh agus tá sé tar éis mórchuid ceoltóirí a spreagadh. Aithnítear é ar dhuine d’fhidléirí móra na tíre seo agus tá a láimh chomh hoilte céanna aige ar na feadógaí móra agus beaga.

Bhí ceol aige ón gcliabhán agus thosaigh sé ag seinm agus é ina bhuachaill óg.  Chuaigh taifeadtaí luaithe na haoise seo caite go mór i bhfeidhm air.  Bhuaigh sé Craobh na hÉireann faoi 18  don fhidil agus don fheadóg mhór an lá céanna. Sa bhliain 1973, bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an ghrúpa clúiteach De Danann lenar chaith sé na blianta ag taisteal agus ag seinm do lucht éisteachta ar fud an domhain.   D’fhorbair sé a stíl shainiúil féin, stíl atá spraíúil, croíúil, mórga, agus ar ardchaighdeán teicniúil.

Tá taifeadtaí go leor mar bhall grúpa déanta aige le De Danann, dar ndóigh agus chomh maith leo sin tá dioscaí iontacha tagtha uaidh mar cheoltóir aonair agus mar aoi le ceoltóirí eile.   Sampla maith den sár-chaighdeán iontu seo é an ceirnín feadóige móire Croch Suas É/Up and Away le Alec Finn sa mbliain 1977 agus Ómós do Joe Cooley le Paul Brock agus Charlie Lennon.  Sheinn agus thaifead sé le réaltaí móra i réimsí eile ceoil mar Stephane Grappelli agus The Rolling Stones chomh maith.  Is cruthúnas iad sin ar an meas atá air ag ceoltóirí laistigh agus lasmuigh den traidisiún.

Thaifead sé albam blianta beaga ó shin in ómós ar leith do cheoltóir a spreag é óna óige, Paddy Killoran.

Tá sé ag seinm leis go fóill, ag taisteal agus ag spreagadh ceoltóirí ar fud na cruinne. Ní féidir a shéanadh go bhfuil sé ar dhuine de na ceoltóirí Éireannacha is suntasaí riamh.

Tá Gradam Ceoil TG4 2018  tuillte go maith ag Frankie Gavin.

 

Biog

Rugadh an ceoltóir ildánach seo sa mbliain 1956 agus is as Cor an Dola, 10 míle ó thuaidh de chathair na Gaillimhe dó.  Bhí an ceol ón gcliabhán aige agus thosaigh sé ag seinm agus é ina bhuachaill óg.   Ba léir ón tús go raibh gealladh faoi. Chuaigh luath-thaifeadtaí na haoise seo caite go mór i bhfeidhm air, ceirníní Phaddy Killoran, James Morrison, Dan Sullivan’s Shamrock Band agus na Flanagan Brothers ach go háirithe.  Bhuaigh sé Craobh fé 18 na hÉireann ar an bhfidil agus ar an bhfeadóg mhór an lá céanna.

Sa mbliain 1973 bhunaigh sé an grúpa De Dannan i bpáirt le scoth-cheoltóirí eile ó cheantar na Gaillimhe agus níorbh fada go raibh cáil idirnáisiúnta ar an gceol binn meidhreach a bhí siad a sheinm.  Ar feadh na tréimhse seo ar fad bhí a stíl shainiúil féin, stíl atá spraíúil, croíúil, mórga, agus ar ardchaighdeán teicniúil á forbairt aige.

Rinne sé taifeadtaí go leor leis an ngrúpa; De Danann (1975),  Mist Covered Mountain (1980), Star-Spangled Molly (1981), Hibernian Rhapsody (1995) agus Jigs, Reels and Rock n’Roll  (2012).  Ach tá dioscaí iontacha tagtha uaidh freisin ag seinm le ceoltóirí eile, mar shampla an ceirnín feadóige móire Croch Suas É/Up and Away le Alec Finn (1977)  agus Ómós do Joe Cooley le Paul Brock agus Charlie Lennon.

Sheinn agus thaifead sé freisin le réaltaí móra i réimsí eile ceoil mar Stephane Grappelli agus The Rolling Stones.  Is cruthúnas sin ar an meas atá air ag ceoltóirí laistigh agus lasmuigh den traidisiún.  Chuir sé suim ar leith i gceol as na Balcáin agus i gceol Klezmer mar aon le ceol na hallaí ceoil  Stáit Aontaithe Mheiriceá i dtús na fichiú aoise.

Is ceoltóir fiosrach nuálach é a fháiltíonn roimh eilimintí nua nó neamhghnácha agus ní leasc sin cóiriú traidisiúnta a chur ar phíosaí cáiliúla  ó réimsí eile ceoil, mar shampla The Arrival of the Queen of Sheba Handel nó  Bohemian Rhapsody leis an rac-ghrúpa Queen.

Áirítear a albam le Alec Finn, Traditional Music of Ireland (1977) ar cheann de na saothair is fearr lena linn agus ceann a d’imir tionchar go leor ar chúpla glúin ceoltóirí ó thaobh fidile agus tionlacain.

Ar na taifeadtaí aonair a tháinig uaidh tá Up and Away (1995), Frankie Gavin (1997), Frankie Goes to Town (1999), Shamrocks & Holly: An Irish Christmas Celebration (1999) agus Fierce Traditional (2001).

Agus níl deireadh déanta aige fós.

 

Físeáin ar Fáil