Gradam Comharcheoil | Gradaim 2018 | Gradam Ceoil TG4 | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Gradaim 2018

Gradam Comharcheoil

Tá an Gradam seo á bhronnadh ar thogra cróga a bhí faoi cheannas sár-dhamhsóra traidisiúnta a cheiliúrann ceol casta Tommy Potts agus a cheirnín iomráiteach The Liffey Banks.
Tá meas ar leith don albam seo as a dhoimhneas agus as a ealaíon. Ach tá rithimí casta, aite ann a fhágann nach bhfuil sé oiriúnach ar aon bhealach don damhsa – nó sin a ceapadh. Ansin cruthaíodh CONCERT an togra nuálach ceannródúil seo.

CONCERT

cruthaithe ag Colin Dunne le Sinéad Rushe and Mel Mercier

Ardlua

Tá an Gradam seo á bhronnadh ar thogra cróga a bhí faoi cheannas sár-dhamhsóra traidisiúnta a cheiliúrann ceol casta Tommy Potts agus a cheirnín iomráiteach  The Liffey Banks.

Tá meas ar leith don albam seo as a dhoimhneas agus as a ealaíon.  Ach tá rithimí casta, aite ann a fhágann nach bhfuil sé oiriúnach ar aon bhealach  don damhsa  – nó sin a ceapadh.  Ansin cruthaíodh  CONCERT an togra nuálach ceannródúil seo.

D’éirigh leis san iarracht ar bhealach a léiríonn tuiscint, meas agus cumas draíochtúil siamsaíochta.

Tá cosúlachtaí go leor idir saothar Tommy Potts agus Concert.  Léiríonn an dá shaothar dílseacht don cheard ach níl siad faoi dhaorsmacht an traidisiúin ná srianta aige.     Tugann an t-ealaíontóir ómós don traidisiún ach ceadaíonn dó féin tarraingt ar eilimintí eile de réir a bhreithiúnais muiníneach féin.

Cuireadh an togra le chéile go healaíonta, faoi stiúir Shinéad Rushe agus Mel Mercier i mbun na fuaime agus eatarthu tá saothar cruthaithe acu a mhaisíonn oidhreacht Tommy Potts.  Tá an Gradam Comharcheoil á thabhairt don saothar nuálach ceannródúil sin CONCERT.

Biog

Is togra é seo atá ar an gciumhais chruthaitheach sin ina dtagann ceol virtuoso ó mháistir i dteagmháil leis an damhsa traidisiúnta agus comhaimseartha agus a chuireann ag spraoi lena chéile iad

Sa saothar seo, tugann an damhsóir aonair Colin Dunne  aghaidh ar cheol an fhidléara Tommie Potts (1912-1988) ar thuill a albam ceannródúil The Liffey Banks (1972) áit ar leith dó ag an am agus ó shin.   Bhí ardmheas agus tuiscint dhomhain ag  Potts ar an traidisiún ach fonn air freisin é a bhaint ó chéile agus a athógáil.  Thuilll a chuid  ceoil agus an cur chuige a roghnaigh sé ardmheas mar gur léir máistreacht theicniúil agus sár-mhothúchán, brón ach spraoiúlacht freisin

Mheasfadh duine gur fhág an neamhaird iomlán a rinne Potts ar rithim uaireanta, den réir cosúlachta, go mbeadh sé ionann is dodhéanta damhsa leis.  Sin an dúshlán a chuir Colin Dunn roimhe agus é ag cruthú an tsaothair CONCERT leis an stiúrthóir Sinéad Rushe agus an cumadóir/dearthóir fuaime Mel Mercier.

Agus cóip den fhadcheirnín The Liffey Banks aige, téipthaifeadán,  roinnt callairí so-iompair agus cúpla clár urláir feicimid ag an damhsóir  cuid d’aiteas, d’iontas agus de stíl uathúil phearsanta atá chomh haonarach le stíl Potts féin.

Is in Amharclann an Project ag Féile Damhsa Bhaile Átha Cliath 2017 a céadléiríodh CONCERT agus thuill sé ardmholadh agus léirmheas 5 réalta san Irish Times.

Is i mBirmingham Shasana a rugadh Colin Dunne  sa mbliain 1968, de bhunadh Éireannach.  Is i Luimneach atá cónaí air faoi láthair.  Tógadh é i dteaghlach a raibh meas ar an gceol agus thosaigh sé ag damhsa agus  é ina pháiste.  Bhi Craobh an Domhain buaite aige sula raibh sé deich mbliana d’aois. B’é an chéad damhsóir óg a bhuaigh Craobhacha na hÉireann, Shasana agus an Domhain in aon bhliain amháin.

Bhain sé céim ollscoile amach san Eacnamaíocht ó Ollscoil Warwick University agus thug aghaidh ar ghairm an chuntasóra le comhlacht Arthur Andersen ar feadh seal.  Fuair sé deis dul ar thuras ceoil  míosa go Ceanada leis na Chieftains. Níor fhill sé ar an gcuntasóireacht agus is liosta le haíreamh na scoth-cheoltóirí eile ar oibrigh sé leo ó shin; De Dannan, Jean Butler, Stéphane Grappelli agus Riverdance (ar feadh trí bliana mar phríomhdhamhsóir sna Stáit Aontaithe agus san Astráil.  Is teagascóir rialta damhsa é in Ollscoil Luimnigh le chúig bhliana déag agus is beag tír sa domhan nach bhfuair deis a chuid damhsa a fheiceáil

Thuill Out of Time (2008), an chéad seó aonair uaidh, moladh as a nuál, a fhuinneamh agus a leas ceannródúil as  ábhar físe cartlainne agus nua-theicneolaíocht.

Is stiúrthóir, oirfideach agus múinteoir aitheanta amhrclainne í Sinéad Rushe.  D’fhreastail sí ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus ar an  École Normale Supérieure i bPáras , sula ndeachaigh sí chuig an  Royal Central School of Speech and Drama i Londain, áit a bhfuil sé ar an bhfoireann teagaisc faoi láthair.  Ar na drámaí a stiúraigh sí, tá Loaded in amharclann  Jacksons Lane, Diary of a Madman le Gogol le compántas Living Pictures in amharclannn Sherman Cymru i gCardiff, Something or Nothing le Guy Dartnell in amharclann agus Out of Time le Colin Dunne in ionaid éagsula, ina measc  The Pit, Barbican, agus an Baryshnikov Arts Centre, Nua Eabhrac.

Tá trí léiriú déanta aici lena compántas féin,   out of Inc; Night-Light (Oval House, Londain, Bristol Old Vic agus turas ), Life in the Folds (Baile Átha Cliath, Londain agus turas) agus An Evening with Sinéad Rushe (Baile Átha Cliath  agus  Londainn).  Foilseofar leabhar léi go luath The Michael Chekhov Approach to Acting: A Practitioner’s Guide, (Methuen) agus bhí sí mar chomh-aistritheoir go Franncis ar cheithre dhráma le Howard Barker (Editions Théâtrales, Paris).  Tá craobhacha Uladh agus na hÉireann sa damhsa buaite aici freisin.

Tá aithne mhaith ag lucht an cheoil ar  Mel Mercier mar oirfideach, mar chumadóir agus mar scoláire.  Is óna aithair cáiliúil Peadar Mercier a d’fhoghlaim sé an bodhrán agus na cnámha.  Sna 1980idí bhíodh Mel agus athair i mbun ceoil leis an gcumadóir iomráiteach nuálach   John Cage agus an Merce Cunningham Dance Company agus iad ag cur Roaratorio: An Irish Circus on Finnegan’s Wake,   saothar dúshlánach Cage, ar stáitse sa Ríocht Aontaithe, san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh.

Mar cheoltóir traidisiúnta, is dóigh gur óna pháirtíocht cheoil le Mícheál Ó Súilleabháin le breis is tríocha bliain is fearr aithne air.  Tá sé ina Ollamh ar na Taibh-Ealaíona in Ollscoil Luimnigh agus chaith sé cheithre bliana déag roimhe sin mar Léachtóir/Ollamh le Ceol i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Is cumadóir aitheanta cheol amharclainne é freisinb agus fuair a shaothar ainmniúchán do ghradam Tony (agus Duais New York Drama Desk) dá scór fuaime  do The Testament of Mary ar Broadway i 2012.

Físeáin ar Fáil