Gradam Saoil | Gradaim 2018 | Gradam Ceoil TG4 | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Gradaim 2018

Gradam Saoil

Is i gCoill na Rúscaí, Co Ros Comáin a rugadh an fear ar a bhfuil an Gradam Saoil le bronnadh.  Is barrshamhail é ar stíl cheoil a cheantar dúchais ar an bhfeadóg mhór agus is cinnte gur iomaí ceoltóir óg a tháinig faoina thionchar.

Patsy Hanly

Ardlua

Is i gCoill na Rúscaí, Co Ros Comáin a rugadh an fear ar a bhfuil an Gradam Saoil le bronnadh.  Is barrshamhail é ar stíl cheoil a cheantar dúchais ar an bhfeadóg mhór agus is cinnte gur iomaí ceoltóir óg a tháinig faoina thionchar.

Is fear umhal, séimh é nach mbíonn fonn ar bith air labhairt faoina chumas féin ná faoina shaibhreas ceoil.   Is beag ceoltóir aitheanta nár sheinn sé leis lena linn agus is meas, gean agus cáil atá tuillte aige san uile áit inar casadh é.

Tá an domhan siúlta aige ag déanamh ceoil agus ag múineadh ceoil.  Is minic é ag seinm mar aoi le grúpaí agus bannaí agus ag taifeadadh leo, ina measc The Bridge Céilí Band agus The Boys Of The Lough.  Le blianta beaga anuas bhí sé páirteach sa togra mór taifeadta The Flute Players of Roscommon CDs, togra a thuill maoiniú do scéimeanna pobail agus d’oiliúint cheoil d’ógánaigh an cheantair.

Tá an Gradam Saoil  a bhronnadh i mbliana ar Patsy Hanly.

 

Biog

Is i gCoill na Rúscaí, i gCo Ros Comáin a rugadh an fear seo sa mbliain 1947 agus fáisceadh as traidisiún an cheantair sin é.  Bhíodh a athair agus sheanathair ag seinm le banna máirseála fífe agus drumaí  i gCill Geifin.  Is í an fheadóg stáin a roghnaigh Patsy ar dtús agus d’oil sé é féin ar an uirlis sin agus ba ghearr gur ar mháistrí móra an cheantair sin a bhí a chluas dírithe – ceirníní John McKenna, James Morrison, Michael Coleman agus Paddy Killoran.  Thug sé faoin bhfeadóg mhór ansin  agus thosaigh ag casadh le ceoltóirí áitiúla – Packie Duignan, Larry Kelly agus Peter Horan.

Glactar leis anois gurb é Patsy sár-eiseamláir na stíle feadóige móire atá aitheanta lena cheantar dúchais ach is fear umhal, séimh é nach mbíonn fonn ar bith air labhairt faoina chumas féin ná faoina shaibhreas ceoil.     Bhuaigh sé Craobh na hÉireann sa mbliain 1972 ach más fíor don seanchas b’éigin tathaint air dul san iomaíocht mar nár shuim leis é.

Bíodh sin mar atá, is beag ceoltóir aitheanta nár sheinn sé leis lena linn agus is meas, gean agus cáil atá tuillte aige san uile áit inar casadh é.  Tá an domhan siúlta aige ag déanamh ceoil agus ag múineadh ceoil.  Is minic é ag seinm mar aoi le grúpaí agus bannaí agus ag taifeadadh leo, ina measc The Bridge Céilí Band agus The Boys Of The Lough.

Le blianta beaga anuas bhí sé páirteach sa togra mór taifeadta The Flute Players of Roscommon CDs, togra a thuill maoiniú a thacaíonn le scéimeanna pobail agus le hoiliúint cheoil d’ógánaigh an cheantair.

 

Físeáin ar Fáil