Gradam Speisialta | Gradaim 2018 | Gradam Ceoil TG4 | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Gradaim 2018

Gradam Speisialta

Bunaíodh an banna seo sa mbliain 1945. Daichead bliain ina dhiaidh sin, fuair an banna ardú céime go Grád 1 sna comórtais agus ó shin i leith, tá craobhacha, coirn, sciathanna agus boinn buaite acu ar fud na hÉireann, na Breataine agus an domhain mhór.

The Field Marshal Montgomery Pipe Band

Ardlua

Is cuid lárnach í an phíob mhór de scéal an cheoil traidisiúnta in Éirinn.  Tá rian na huirlise le brath go soiléir ar stíl agus ar stór ceoil na fidile i dTír Chonaill agus is snáth lárnach  é i mbréidín ceoil an Tuaiscirt ach go háirithe.

Tá stair agus tábhacht ag na bannaí píob i mbailte beaga agus faoin tuath ar fud an oileáin agus is minic bannaí ón tír seo chun tosaigh i gcomórtais domhanda le deich mbliana fichead anuas.

Thar aon bhanna eile, tá buíon amháin a bhfuil ceannaireacht, ceannródaíocht agus ard-chaighdeán ag baint leis le deich mbliana fichead anuas.  Is é an slat-tomhais don uile bhuíonn eile ar chumas, ar cheol agus ar fheabhas.

Ar a chéad chuairt go cathair cheolmhar Bhéal Feirste, is deas le Gradam Ceoil  TG4 aitheantas a thabhairt don bhuíon iontach eiseamláireach seo a bhfuil oiread sin bainte amach aici:   Craobh an Domhain aon uair déag agus breis is scór Craobh na hÉireann.  Tá an ceol curtha i láthair na mílte ag an mbanna seo agus dúshlán leagtha síos d’aon bhuíon eile ar mian leo an caighdeán is airde ar fad a bhaint amach.

Tá an Gradam Ceoil Speisialta seo á bhronnadh ar an  The Field Marshal Montgomery Pipe Band  faoi cheannas Richard Parkes MBE.

Biog

Is cuid lárnach í an phíob mhór de scéal an cheoil traidisiúnta in Éirinn.  Tá rian na huirlise le brath go soiléir ar stíl agus ar stór ceoil na fidile i dTír Chonaill agus is snáth lárnach  é i mbréidín ceoil an Tuaiscirt ach go háirithe.

Tá stair agus tábhacht ag na bannaí píob i mbailte beaga agus faoin tuath ar fud an oileáin agus is minic bannaí ón tír seo chun tosaigh i gcomórtais domhanda le deich mbliana fichead anuas.

Bunaíodh an banna seo sa mbliain 1945.  Daichead bliain ina dhiaidh sin, fuair an banna ardú céime go Grád 1 sna comórtais  agus ó shin i leith, tá craobhacha, coirn, sciathanna agus boinn buaite acu ar fud na hÉireann, na Breataine agus an domhain mhór.

Cheangail na deartháracha Richard agus Gordon Parkes leis an mbanna sa mbliain 1969.  Deich mbliana ina dhiaidh sin, bhí Gordon ceaptha ina Mhaor Drumaí ar an mbuíon agus sa mbliain 1981 ceapadh Richard ina Mhaor Píb ar an mBanna.

Ó shin i leith, níl aon bhanna ar domhan i ngaobhar leis ó thaobh bua.  Tá Craobh an Domhain buaite aige aon uair déag, Craobh na hÉireann breis is fiche uair agus lucht éisteachta agus leanúna bailithe chuige féin aige ar fud na  cruinne.

Thar aon bhanna eile, tá buíon amháin a bhfuil ceannaireacht, ceannródaíocht agus ard-chaighdeán ag baint leis le deich mbliana fichead anuas.  Is é an slat-tomhais don uile bhuíonn eile ar chumas, ar cheol agus ar fheabhas.

Ar a chéad chuairt go cathair cheolmhar Bhéal Feirste, is deas le Gradam Ceoil TG4 aitheantas a thabhairt don bhuíon iontach eiseamláireach seo a bhfuil oiread sin bainte amach aici.

Tá an ceol curtha i láthair na mílte ag an mbanna seo agus dúshlán leagtha síos d’aon bhuíon eile ar mian leo an caighdeán is airde ar fad a bhaint amach.

Tá chúig albam eisithe ag an mbanna:  Début (1991), Live in Concert (1996), Unplugged (2002 ), Re:Charged (2007) agus IMPACT  (2016).

Físeáin ar Fáil