Skip to main content
Menu

Hector Central

     

Is ar Mheiriceá Láir atá a thriall sa tsraith seo,
8 gclár ó Chathair Panama go Cathair Belize
agus é ag leanacht bhóthar an Pan-American
Highway den chuid is mó.

Fógraíocht

Hector Central 1-8

Rátáil Tuismitheora: 12A

Is ar Mheiriceá Láir atá triail Hector sa tsraith seo, ó Chathair Phanama go Cathair na Beilíse & é ag leanúint bhóthar an Pan-American Highway den chuid is mó. Is réigiún ilghnéitheach é seo ina bhfuil áilleacht, cultúr spreagúil, polaitíocht chorrach, teannas go leor & coiriúlacht ar fáil go forleathan ann. Rachaidh Hector thar an teorainn isteach sa Bheilís áit a bhfuil Béarla ag muintir na háite, an chéad uair aige Béarla a chloisteáil le seachtainí. Casfaidh sé le lucht déanta seacláide, le déantóir an anlainn cháiliúil sillí Marie Sharp & le drumadóirí Garifuna ar chósta thoir na tíre.

Chéad Taispeántas: 29 Mar

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Is iomaí uair a chuaigh Hector amú agus is iomaí tír a thaisteal sé agus é fiosrach, fuinniúil, fáilteach.  Is ar Mheiriceá Láir atá a thriall sa tsraith nua seo,  8 gclár ó Chathair Panama go Cathair Belize agus é ag leanacht bhóthar an Pan-American Highway den chuid is mó.

Is réigiún iontach ilghnéitheach é seo ina bhfuil áilleacht, cultúr spreagúil, polaitíocht chorrach, teannas go leor agus coiriúlacht ar fáil go forleathan freisin.  Ní mairg sin do Hector agus é ar an ród go El Salvador, Honduras, Guatemala, Nicaragua, Costa Rica agus go dtí an Mhuir Chairb, aistear 3363 míle bóthair ar fad.   Is fada ó tháinig Eorpaigh chuig an réigiún seo ar dtús ach seans gur beag acu a bhí ar aon dul le  Hector s’againne, fear a bhfuil Spáinnis líofa aige, dar ndóigh.

Níl fear bóthair is fearr ná Hector agus  é síoraí seasta ar thóir iontas, comhluadair,  éagsúlachta agus dúchas sainiúil na háite ina bhfuil sé ar cuairt.  Tá neart ceisteanna aige agus fonn eachtraíochta agus ní miste leis beagán pleidhcíochta freisin.

Go bhfóire Dia orthu thall !

Léiriú le Good Company Productions

Físeáin ar Fáil