Hollywood in Éirinn | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Hollywood in Éirinn

     

Físeáin Faoi Thrácht

Fógraíocht

Sraith nua ag tosú 09/02

Séasúr nua den sraith a chaitheann súil ar an tionchar a d’imir léiriú mór-scannáin ar an bpobal áitiúil in Éirinn inar tharla an scannánú ar an láthair.  Tugann Séamus Moran (Fair City, Rásaí na Gaillimhe),  cuairt ar an gceantar le cuimhní na ndaoine a chloisteáil ar an bhfuadar a bhain leis an léiriú, an fhostaíocht a gineadh go háitiúil, an leas eacnamaíoch a rinne sin ag an am, na fadhbanna a tháinig chun solais  agus an oidhreacht thurasóireachta a d’fhág an scannán le uachta go háitiúil, má d’fhág.

Ó Cheann Sleibhe i gCiarraí go na Gleannta i nDún na nGall, tugann Séamus turas ar na ceantair a ghlac páirt i scnnáin mar  Braveheart, Saving Private Ryan, Michael Collins,  Far and Away, Dancing at Lughnasa agus The Field.

Sna blianta a caitheadh agus go fiú sa lá atá inniu ann, is mór-ócáid d’aon bhaile beag nó ceantar tuaithe in Éirinn go roghnódh léiritheoir mór as Hollywood é mar láthair dá scannán.  Tá airgead mór i gceist agus deis shuntasach ar fhostaíocht ag muintir na háite, bíodh sin ag soláthar seirbhísí don fhoireann léiriúcháin nó mar aisteoirí breise sa gcúlráid i gcuid de na radharcanna.

Léiriú le Seabed Productions

Físeáin ar Fáil