Hup! | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Hup!

Domh
9.30pm
Céa
7.30pm
     

Seo aistear ceoil a ardóidh do chroí.

Físeáin Faoi Thrácht

Fógraíocht

Hup! 2-10
37Lá Fagtha

Rátáil Tuismitheora: G

An dara séasúr den tsraith fhuinniúil spreagúil seo, 13 clár a taifeadadh ar an láthair inarb é an ceol féin bun agus barr an scéil - níl láithreoir ná caint ná tráchtaireacht anseo - níl ann ach scoth an cheoil ó phlúr na gceoltóirí sa tír - agus bainfidh tú lán na súl freisin as cuid de na láithreacha iontacha ina bhfuil an ceol á sheinm. I gCo. Ard Mhacha a bheimid an tseachtain seo ag Féile Píobaireachta William Kennedy. Beidh píosa breá ceoil againn ó na deirfiúracha Friel agus Paddy Keenan.

Chéad Taispeántas: 15 Ean

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

An dara séasúr den tsraith fhuinniúil spreagúil seo, 13 clár a taifeadadh ar an láthair inarb é an ceol féin bun agus barr an scéil – níl láithreoir ná caint ná tráchtaireacht anseo – níl ann ach scoth an cheoil ó bhláth na gceoltóirí is fearr sa tír – agus bainfidh tú lán na súl freisin as cuid de na láithreacha iontacha ina bhfuil an ceol á sheinm.

Taifeadadh an ceol le linn féile nó mór-imeacht cheoil agus tá béim ar uirlis ar leith agus blas na háite féin go láidir i ngach eagrán.

Tabharfar cuairt ar ionaid fhisiúla agus déantar an taifeadadh ceoil go cúramach, tuisceanach, séimh.   Cloisfear an seanóir agus an déagóir agus teaghlaigh ag seinm le chéile cois tine, cois abhann agus ar bháid.

Ó Dhún na Séad go Cill Fhionnúrach agus ó Ard Mhacha chun na Carraige, seo aistear ceoil a ardóidh do chroí agus a choipfidh do chuid fola le scoth na bhfonn agus na n-amhrán.  Orthu sin a bheidh páirteach, tá Tommy Emmanuel, Liam Ó Maonlaí agus Clann Uí Mhongáin.

Leiriú le Red Shoe Productions

 

 

 

 

Físeáin ar Fáil