Imircigh Ban | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Imircigh Ban

     

Tugtar deis labhartha agus ómós do chuid de na scórtha míle bean ón tír seo a chuaigh ar imirce chun na Breataine sa tríocha bliain tar éis an Dara Cogadh Domhanda.

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Sraith a thugann deis labhartha agus ómós do chuid de na scórtha míle bean as Éirinn a chuaigh ar imirce chun na Breataine sna tríocha bliain tar éis an Dara Cogadh Domhanda agus nár fhill go buan go deo agus a ligeadh i ndearmad, cuid mhaith. Na deacrachtaí a chruthaigh eachtraí buamála agus sceimhlitheoireachta do mhuintir na hÉireann agus iad sa Bhreatain, na deiseanna oideachais a fuair siad agus tábhacht na nIonad Éireannach sa Bhreatain is ábhar don chlár seo.

Chéad Taispeántas: 17 Aib

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Sraith nua 4 chlár a thugann deis labhartha agus ómós do chuid de na scórtha míle bean ón tír seo a chuaigh ar imirce chun na Breataine sa tríocha bliain tar éis an Dara Cogadh Domhanda agus nár fhill go buan go deo agus a ligeadh i ndearmad, cuid mhaith.

D’fhágadar an baile, ar maidin leis an lá agus a n-aghaidh ar Londain, ar Bhirmingham, Glaschú, Manchester, Hudderfield agus go leor áiteanna eile. Fuair a bhformhór obair, phós siad go sona agus thóg clann. Saol singil a roghnaigh cuid eile acu ach bhí an cumha i ndiaidh an bhaile agus a muintir in Éirinn ina smál ar a saol ag beagnach gach duine acu. Is beag acu a labhair faoi nó a d’fhág cuntas air i scríbhinn a foilsíodh go forleathan.

Léiriú le Scannán Dobharchú

Físeáin ar Fáil