Laochra Gael | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Laochra Gael

Céa
15.03
     

Sraith nua ag tosú 15.03.17 @ 9.30pm

Físeáin Faoi Thrácht

Fógraíocht

Barney Rock 13-7
35Lá Fagtha

Rátáil Tuismitheora: G

Is iomaí éacht a rinne, Barney Rock, fear rua Bhaile Munna mar imreoir ach ba é a chruinneas ó na ciceanna saora is minice a bhris croí an fhreasúra agus a lucht leanta. D'aimsigh sé cúl gleoite i gcluiche ceannais 1983, cluiche ina raibh a fhoireann taobh le 12 imreoir faoi dheireadh ach rug siad an bua leo mar sin féin.

Chéad Taispeántas: 23 Fea

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

Sraith nua ag tosú go luath. I measc na réalta spóirt beidh:

 

Dónal Óg Cusack

Tá Dónal Óg Cusack lárnach i scéal iomána Chorcaí, é mar chúlbáire i ré rathúil ó 1999 go 2012. Cuireann sé síos ar na laethanta maithe, na drochlaethanta agus na conspóidí, idir chraobhacha uile Éireann a bhuachaint agus stailceanna. Mar imreoir, bhí tionchar ollmhór aige ar an spórt agus dlúthbhaint aige le bunú an GPA. Ba é an chéad phearsa spóirt a d’fhógair go poiblí go raibh sé aerach i 2009. Tá Diarmuid O’Sullivan, Donal O’Grady, Eddie Brennan agus Eoin Kelly le clos.

 

Dara Ó Cinnéide

Tháinig peileadóirí Sinsir Chiarraí as fásach fada os cionn deich mbliana i 1996. Tháinig foireann club na Gaeltachta as an ngrád sóisir B go dtí an lá ba mhó ar fad idir na 1990adaí luath agus 2004. Bhí dlúthbhaint ag Dara Ó Cinnéide leis an rath a tháinig ar chondae agus club agus féachannn sé siar ar an dá fhoireann. Tá Tomás Ó Sé, Peter Canavan agus Seán Óg De Paor le clos chomh maith.

 

Pete Finnerty

Ba bhall seasmhach de líne leathchúil iomána na Gaillimhe Pete Finnerty, a d’imir i gcúig Chluiche Ceannais Uile Éireann idir 1985 agus 1990, iad buacach faoi dhó, i ’87 agus ’88. Bhuaigh sé cúig ghradam All Star sa tréimhse sin. Caitheann sé súil ionraic agus spraoiúil siar ar a thréimhse mar imreoir. Tá Cyril Farrell, Pat Fleury agus Tony Keady le clos chomh maith.

 

Eamonn O’Hara

Laoch mór Peil Shligigh – chaith Eamonn O’Hara beagnach scór bliain ag imirt lena chontae. Bhí clú agus cáil ar an bhfear ó Thuar Liostreáin mar luthchleasaí agus fear lár páirce. Le linn a chuid ama ag imirt le Sligeach deineadh forbairt ar an bhfoireann agus le teacht na mbabhtaí cáillithe thugadar aghaidh ar na foirne móra ar nós Chill Dara agus Tír Eoghain. I 2002 tar éis bliain iontach don bhfoireann, bhuaigh Eamonn Gradam All-Star. I 2007, tar éis 32 bliain , bhuaigh Sligeach agus Eamonn Craobh Chonnacht.

 

Tommy Walsh

Ba é Tommy Walsh ceann dena daoine is tabhachtaí ar an bhfoireann iomána ba rathúla riamh. Bhuaigh sé 9 mbonn Uile Éireann, 7 mbonn sraithe chomh maith leis an ngradam ‘Imreoir na Bliana’. Is é an t-aon imreoir a bhuaigh 9 All Star i ndiaidh a chéile. Labhraíonn sé go hionraic bhí cad a spreag é, faoi fhoireann sin Chill Chainnigh chomh maith le geansaí uimhir 5 a fhágáil ag a dheartháir. Tá Eddie Brennan, Eoin Kelly, Cathal Moore agus Donal O’Grady le clos chomh maith.

 

Clionadh O’Connor

Cé nár imir sí aon pheil fé aois le hÁth Cliath, bhí tréimhse fada ag Cliodhna O’Connor le banpheileadóirí an chontae idir 2003 agus 2014. D’imir sí i gcúig Chluiche Ceannais Uile Éireann ar fad ach níor bhuaigh sí ach ceann amháin, i 2010. Tá sí ionraic agus í ag caitheamh súl siar ar a saol imeartha agus é fós ag goilliúint uirthi nár éirigh léi an ceann is fearr a fháil riamh ar Chorcaigh. Tá Sorcha Furlong, Valerie Mulcahy agus Brian Tyers le clos ar an gclár chomh maith.

 

Pat Fox

B’é Pat Fox as Tiobraid Árann duine dena tosaithe ba chontúirtí sa tír idir 1987 agus 1993. Bhí seal fada aige i ngeansaí an chontae, é ag imirt idir 1980 agus 1996, ach bheadh cúpla bliain chiúin aige roimh athbheochan an chontae i 1987. Roghnaíodh é mar iománaí na bliana i 1991, bliain go raibh sé dochloíte. Tá Pat Fleury, Donal O’Grady agus Joe Hayes le clos chomh maith.

 

Na Lowrys

D’imir Sean, Brendan agus Michael Lowry, triúr deartháir as Ferbane, le foireann peile Uibh Fhailí idir 1972 agus 1992. Thosaigh Séan ar dtús i 1972 agus bhuaigh sé Craobh na hÉireann sa bhliain chéanna. Bhí a dheartháireacha níos óige, Brendan agus Michael, ag féachaint ar Sheán ar an lá nuair a bhuaigh sé an chraobh. Beagnach 10 bhliain ina dhiaidh ain, tar éis droch-thréimhse do Uíbh Fhailí, tháinig Brendan agus Michael ar an bhfoireann le Seán nuair a bhain Uíbh Fhailí áit amach i gCluiche Ceannais na hÉireann na bliana 1982 in aghaidh Chiarraí. B’é seo ceann dena cluichí ab fhearr riamh sa bpeil. Deirtear go maireann rath sa bhfuil agus i 2009 bhuaigh mac Brendan, Shane Lowry, Comórtas Oscailte gailf na hÉireann mar imreoir amaitéarach.

 

Seánie McMahon

Idir 1994 & 2006 bhí Seánie McMahon mar cheann dena leath chúlaíithe láir ab fhearr sa tír. I rith an tréimhse sin bhuaigh sé Craobh na hÉireann i 1995 & 1997 leis an gClár agus an gradam ‘Imreoir na bliana’ i 1995 freisin, ach bhí an bealach chuig Páirc an Chrócaigh lán le dúshláintí do Séanie. I 1994 tar éis droch-thaispeántas in aghaidh Luimní i gCluiche Ceannais na Mumhan bhí a áit ar fhoireann an Chláir faoi bhagairt, agus ansin, i 1995 bhris sé a ghualainn in aghaidh Chorcaí. Ach in aineoinn na heachtraí sin, tháinig sé ar ais níos fearr agus láidre ná riamh. D’éirigh sé as i 2006 tar éis 97 cúlíní a scóráil, rud nár dhein aon cosantóir eile.

 

Owen Mulligan

Bhuaigh Owen Mulligan bonn Uile Éireann sa mionúr, Fé21 agus sinsir do Thír Eoghan. Bhí páirt ollmhór l ag fear An Chorr Chríochach leis an bhfoireann contae a bhuaigh Craobh na hÉireann i 2003. Bhí cáil ar a stíl gruaige agus scíl dochreidte. Labhraíonn sé faoi bhás tobann Cormac McAnallen agus an tionchar a bhI aige sin orthu ar fad, faoina chúl in aghaidh Bhaile Átha Cliath i 2005 agus faoin ngaol idir é féin agus a iar-mhuinteoir, Peter Canavan. Tá Peter Canavan, Tomás Ó Sé agus Jarlath Burns le clos chomh maith.

Físeáin ar Fáil