Skip to main content
Menu

Logainm

     

Sraith úrnua, 26 clár, ina dtugtar léargas agus léirmhíniú ar ainmneacha áite na hÉireann.

Fógraíocht

Crainn & Coillte 1-26

Rátáil Tuismitheora: G

Sraith ina dtugtar léargas ar logainmneacha na hÉireann, staidéar a thugann chun solais go leor den saibhreas tíreolaíochta atá ar fáil iontu. Le cabhair ó shaineolaithe agus ó thuairiscí ó láithreacha ar fud na tíre, fiosróidh Breanndán Ó Beaglaoich na logainmneacha atá sa Ghaeilge. Logainmneacha a bhfuil baint acu le coillte agus le crainn na hÉireann a bheidh á bplé an tseachtain seo. Ar phainéal na seachtaine seo beidh Máire Ní Neachtain ó Choláiste Mhuire gan Smál, Luimneach agus Fiachra Mac Gabhain, saineolaí logainmneacha.

Chéad Taispeántas: 6 Mar

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Sraith úrnua, 26 clár, ina dtugtar léargas agus léirmhíniú ar ainmneacha áite na hÉireann, staidéar a thugann chun solais go leor an saibhreas staire, tíreolaíochta, béaloideas agus seanchais atá ar fáil iontu.   Is iomaí cúis a bhí ag ár sinsir agus iad ag bronnadh ainm ar áit, ar shliabh, ar loch ar chuan nó ar ghleann.     Dreach na tíre féin a spreag cuid de na hainmneacha, naomhphatrún áitiúil uaireanta eile nó pearsa as an bhFiannaíocht nó as an Rúraíocht.

Le cabhair saineolaithe sa stiúideo agus ó thuairiscí ó láithreacha ar fud na tíre, fiosróidh an duais-cheoltóir Breanndán Ó Beaglaoich  an taisce iontach logainmneacha atá sa teanga Ghaeilge agus nochtfaidh freisin an bealach inar thug teangacha na   n-ionraitheoirí iasachta (Lochlainnais, Fraincis agus Béarla) faoina dteidil féin a thabhairt ar an gcuid den oileán ina raibh smacht acu féin.

Mar léiriú breise ar ghean ár muintire dá  n-áit dúchais, maiseofar an plé le leaganacha nua-thaifeadta ag amhránaithe aitheanta d’amhráin geana ar áiteanna agus contaetha a chloistear go rialta ag cluichí agus ag cóisir.  Orthu seo, tá  The Rose of Mooncoin  (Cill Chainnigh),  Spancil Hill  (An Clár), The Offaly Rover  a agus The Boys of Barr na Sráide (Ciarraí).  Ar na hamhránaithe a bheidh á gcanadh seo beidh Mundy, Charlie McGettigan, Aoife Scott  agus Andy Irvine & Dónal Lunny.

Léiriú le Nemeton

Físeáin ar Fáil