Madraí na nGael | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Madraí na nGael

     

Físeáin Faoi Thrácht

Fógraíocht

Madraí na nGael 1-6
9Lá Fagtha

Rátáil Tuismitheora: G

Sraith nua faoi phórtha madraí atá dúchasach don tír. Féachfar i ngach clár ar phór ar leith de mhadraí na nGael. Na brocairí Éireannacha is ábhar do chlár na hoíche anocht. Tabharfar léargas ar chúlra ilghnéitheach an mhadra agus féachfar ar an fáth a raibh in oiread sin spéise ag Micheál Ó Coileáin sna pocadáin Chiarraíocha.

Chéad Taispeántas: 20 Nol

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

Cé go bhfuil go leor pór eachtrannach ar fáil mar pheataí sa tír seo anois, tá áit ar leith i gcónaí don phór dúchasach, mar a léirítear sa tsraith nua seo, 6 chlár.  Díríonn gach eagrán den tsraith ar phór ar leith, ina measc An Faolchú Gaelach, An Brocaire Rua, an Ciarraíoch Gorm, An Spainnéar Uisce agus Brocaire Ghleann Ó Máil.

Shíolraigh ár sinsir na póir seo mar mhadraí oibre agus a scil uathúil féin ag gach ceann acu – ag cabhrú leis an duine ag seilg, ag fiach, ag aimsiú éan a bhí scaoilte ag foghlaeir nó ag cosaint na feirme.

Cé gurbh Corcaíoch bródúil é féin, bhí gean ar leith ag Micheál Ó Coileáin ar a ghadhairín féin, Ciarraíoch gorm agus ba ghnách leis an madra a chur san iomaíocht ag Seó na Madraí.

Léiriú le Ripple World Pictures 

Físeáin ar Fáil