Mary Elmes – Gairm chun Gnímh | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Mary Elmes – Gairm chun Gnímh

     

Saol agus saothar Mary Elmes as Corcaigh a thug
blianta fada ag cabhrú leo sin a bhí faoi bhrú agus
faoi ghéarleanúint sa gcogaíocht a rinne scrios san Eoraip.

Fógraíocht

Mary Elmes - Gairm chun Gnímh 1-1

Rátáil Tuismitheora: G

Saol agus saothar mná as Corcaigh a thug blianta fada ag cabhrú leo sin a bhí faoi bhrú agus faoi ghéarleanúint sa gcogaíocht a rinne scrios san Eoraip sa trian láir den aois seo caite. Bean ar leith ab ea Mary Elmes, a rugadh i gcathair Chorcaí, sa mbliain 1908. Bhain sí céim amach ó Choláiste na Tríonóide sa mbliain 1928, le hard-mharcanna agus Bonn Óir le scoláireacht chuig an London School of Economics. Spreag seo a suim sa bpolaitíocht. Is í an t-aon Éireannach ar bronnadh an gradam aitheanta daonnachtúil "Fíréan i measc na Náisiún" as a saothar. Bhásaigh sí sa mbliain 2002.

Chéad Taispeántas: 8 Sam

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC] ag bun an scáileáin.

Mary Elmes – Gairm chun Gnímh

Saol agus saothar mná as Corcaigh a thug blianta fada ag cabhrú leo sin a bhí faoi bhrú agus faoi ghéarleanúint sa gcogaíocht a rinne scrios san Eoraip sa trian láir den aois seo caite.

Bean as leith ab ea Mary Elmes, a rugadh i gcathair Chorcaí, sa mbliain 1908, áit a raibh gnó poitigéara ag a hathair ar Shráid Winthrop. Bhain sí céim amach ó Choláiste na Tríonóide sa mbliain 1928, le hard-mharcanna agus Bonn Óir le scoláireacht chuig an London School of Economics. Spreag seo a suim sa bpolaitíocht agus thug uirthi dul chun na Spáinne le cabhrú leo sin a bhí gafa leis an gCogadh fuilteach Cathartha ansin. Chaith sí tréimhsí ag tiomáint otharchairr agus ag obair in ospidéil.

Nuair a rinne arm buacach Franco géarleanúint ar an taobh Poblachtach, chuaigh Mary Elmes á dtionlacan ar deoraíocht trasna na teorann go campa géibhinn Rivesaltes in aice le Perpignan na Fraince. Ar an drochuair nuair a ghabh na Gearmánaigh an taobh sin sa Dara Cogadh Domhanda, b’as an gcampa seo a thosaigh siad ag seoladh príosúnach soir go dtí na campaí marfacha inar cuireadh na céadta míle duine chun báis. Shaothraigh Mary Elmes go dícheallach ag iarraidh páistí Giúdacha a tharrtháil ón gcinniúint sin agus rinne sí éachtaí ar a son.

Is í an t-aon Éireannach ar bronnadh an gradam aitheanta daonnachtúil “Fíréan i measc na Náisiún” as a saothar. Bhásaigh sí sa mbliain 2002.

Páirteach sa gclár seo, tá beirt dá clann, Caroline agus Patrick Danjou, An Dr Róisín Healy, an Dr. Ciara Breathnach agus An Dr. Gearóid Barry.

Físeáin ar Fáil