Skip to main content
Menu

Na Bailéid

     

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Sa chlár seo rachaidh John Spillane chuig tuaisceart na Mumhan agus fiosróidh sé cúlra thrí amhrán mhór le rá; 'Shanagolden', 'The Cliffs of Dooneen' agus 'Eamonn an Chnoic'. Beidh ceoil againn ó Mick Flannery & Yvonne Daly, Tommy Fleming agus Deirdre Scanlan.

Chéad Taispeántas: 14 Mfo

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Na Bailéid

I sraith tarraingteach agus mealltach nua ar TG4 dár teideal ‘NA BAILÉID’, tabharfaidh an scríbhneoir amhrán John Spillane faoi cheithre hairde na hÉireann, ag cuardach foinsí bailéad móra cáiliúla traidisiúnta na tíre. Ó na Rocks of Bawn go dtí na Cliffs of Dúinín, ó Skibbereen go dtí The Mountains of Mourne,  ó Carrickfergus go dtí the Curragh of Kildare, is léir gur oilithreacht spreagúil speisialta atá i gceist leis an tsraith ocht-gcodach seo. Níl a leithéid de stór saibhir ceoil agus amhrán i dtaisce ag aon náisiún faoin ngréin nó mar atá againn fhéin anso in Éirinn. Dá ndéanfá tochailt i gceol náisiúnta aon chríocha eile, ní chífeá an méid céanna seod luachmhar agus mar atá againne ar an oileán seo. Déanfaidh John taighde ar an scéalta agus ar na scríbhneoirí taobh thiar de na hamhráin, ag bualadh le bailitheoirí amhrán, amránaithe, staraithe, scoláirí, agus éinne a chabhróidh leis an gcuardach. Cloisfidh sé leaganacha sármhaithe de na bailéid ó amhránaithe den scoth go bhfuil na hamhráin seo curtha i ngar dá gcroíthe acu, agus uaireanta déanfaidh John iad a thionlacan ar a ghiotár. Críochnóidh gach clár leis an mbailéad mór go bhfuil an clár san ainmnithe ina dhiaidh. Don gcéad uair ar TG4 déanfar taighde tarraingteach fíor-spéisiúil ar bhailéid mhóra na hÉireann.

Físeáin ar Fáil