Racht | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Racht

     

Sraith a scrúdaíonn dúnmharuithe ón am atá caite,
féachaint lena gcúlra a thabhairt chun suntais.

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: 16

Sraith 6 chlár a scrúdóidh dúnmharuithe ón am atá caite féachaint lena gcúlra a thabhairt chun suntais agus tuiscint a fháil ar na cúiseanna a bhí leo agus a dtionchar ar na daoine a bhain leis an scéal. I mBaile Átha Cliath sa mbliain 1936, bhog Edward Ball, fear óg 19 bliain d'aois ar ais isteach i dteach a mháthar. Cúig lá ina dhiaidh sin, bhí sí ar iarraidh agus thángthas ar a carr, faoi fhuil ar bhóithrín tuaithe. Gabhadh Edward agus chuir an scéal a d'inis sé do na Gardaí alltacht orthu.

Chéad Taispeántas: 9 Sam

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC] ag bun an scáileáin.

Racht

Sraith nua, 6 chlár a scrúdaíonn dúnmharuithe ón am atá caite, féachaint lena gcúlra a thabhairt chun suntais agus tuiscint a fháil ar na cúiseanna a bhí leo agus a dtionchar ar na daoine a bhain leis an scéal.

Baineann an chéad chlár le dúnmharú i Ros Muc i nGaeltacht na Gaillimhe sa mbliain 1928. Thángthas ar chorp fheirmeora áitiúil nua-phósta, Sonny Breathnach, béal faoi i sruthán. Rialaigh an Coiste Cróinéara gur timpiste a bhain dó ach bhí cuid de mhuintir na háite den bharúil go raibh baint ag a bhean lena bhás.

Díríonn an dara clár ar a tharla i gCeanada sa mbliain 1843. Gabhadh Grace Marks, cailín aimsire 16 bliain d’aois, as cúige Uladh ó dhúchas agus tugadh ar ais go hOntario í lena cur ar trial faoi bhás a fostóir agus searbhónta mná leis a bhí ag iompar clainne nuair a maraiodh í.

Eastbourne, 1957. Cuireadh an Dochtúir Adams as Co. Aontroma ar a thriail faoi bhás amhrasach duine dá chuid othar. Níorbh é seo an chéad uair a bhí amhras ar mhuintir na háite faoin méid a bhí ar bun ag an dochtúir, go háirithe nuair a bhí sé ainmnithe mar thairbhí ag méid mór dá chuid othar ina gcuid uachtanna.

Violet Gibson – An Róimh 1926. Rinne Violet Gibson, a rugadh i mBaile Átha Cliath, iarracht Príomh-Aire na hIodáile, Benito Mussolini, a mharú. An fanaiceacht chreidimh nó coir pholaitiúil a bhí i gceist, nó an é go raibh Violet glan as a meabhair?

Luimneach, 1946. Bhí beirt Ghardaí armtha ar dualgas ar thalamh ina raibh daoine as an áit in árach a gcéile faoi chúrsaí sealbhaíochta. Bhí naoi mí as a chéile caite ag an mbeirt ar dualgas oíche ach an oíche áirithe seo ní thiocfadh ach duine acu amach as slán. Bheadh seisean ag triail a chomhghleacaí sula i bhfad mar phríomhamhrastach.

Baile Átha Cliath 1936. Bhog fear óg, Edward Ball, a bhí naoi mbliana déag d’aois, ar ais abhaile in éineacht lena mháthair. Chuaigh sí ar iarraidh cúig lá ina dhiaidh sin. Thángthas ar a gluaisteán, a raibh fuil inti, i lána iargúlta tuaithe ach ní raibh iomrá ar bith uirthi féin. Chuir scéal Edward alltacht ar Ghardaí an cheantair.

Físeáin ar Fáil