Scéalta na nÓstán | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Scéalta na nÓstán

     

Sraith nua a thugann léargas ar chuid de na hóstáin is mó atá luaite le stair na turasóireachta sa tír seo le seasca bliain.

Sraith nua a thugann léargas ar ghné thábhachtach den stair shóisialta in Éirinn agus súil siar á caitheamh ar chuid de na hóstáin is mó atá luaite le stair na turasóireachta sa tír seo le seasca bliain. Bhí cáil i bhfad is i ngearr ar chuid de na hóstáin seo agus bhronn stádas áirithe ar éinne a mhaígh gur fhan sé/sí iontu.

 

I gclár 2, tugaimid cuairt ar Óstan Wynns agus Óstán an Shelbourne i mBaile Átha Cliath agus Óstán an Royal Marine i nDún Laoghaire.

I gclár 3 léirítear cuairt John Lennon agus Yoko Ono ar an Mulranny Park Hotel i gCo. Mhaigh Eo;  ceann de na cúrsaí gailf is sine sa tír ag an Great Northern Hotel i mBun Dobhráin chomh maith leis an chaoi a ndearna muintir Árann a gcuid féin d’óstán sa Ghaillimh.

Cuireann clár 4 i láthair scéalta faoi sheanóstáin an iarnróid agus faoi  theaghlaigh mar na Huggards agus muintir Uí Dhonnchú i gcúrsaí óstaíochta i gCiarraí.

I gclár 5, léirítear tóraíocht an óir sa Woodenbridge Hotel agus mar d’fhorbair Kelly’s Resort Hotel i Ros Láir ó sheomra tae.

I gclár 6, tugaimid turas ar Cho. Dhún na nGall agus cloisimid faoi chuairt an Phrionsa Napoleon ar óstán Kees agus faoi stair An Chúirt Hotel a tógadh sna 1830í.

Léirithe ag: Waddell Media Teo

Físeáin ar Fáil