Seó Spóirt (11-7) | Seinnteoir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Seó Spóirt

Aoin
1.30pm
Sath
12.25pm

Caithfidh Dara súil chun cinn ar an tSraith Náisiúnta Peile agus Iomána.

Fógraíocht

Seó Spóirt 11-7

Rátáil Tuismitheora: G

Caithfidh Dara agus a chuid aíonna súil chun cinn ar an gcúigiú babhta den tSraith Náisiúnta Peile, ar Chluichí Ceannais Clubanna na hÉireann chomh maith le Craobh na Sé Náisiún.

Chéad Taispeántas: 17 Mar

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

Tá Seó Spóirt ar ais.


Mar is gnách , is é Dara Ó Cinnéide fear an tí agus é ag tarraingt ar a thaithí mhór mar pheileadóir agus mar chaptaen a thug corn Sam Maguire go Ciarraí mar aon lena chumas iontach craoltóireachta.

Tá an séasúr nua spóirt faoi lán seol agus aird an phobail anois ag díriú ar na Sraitheanna nua Náisiúnta Peile agus Iomána mar aon le Craobh Rugbaí na Sé Náisiún, Corn Rugbaí na gCuradh agus an tSraith Guinness PRO12.

Beidh aíonna aitheanta géarchúiseacha i gcuideachta Dhara gach seachtain. Orthu sin a shuigh ar an tolg anuraidh bhí Darragh Ó Sé, John Allen, Ciarán Kilkenny, Tomás Ó Flatharta, Ger Loughnane, Paul Conroy, Mark Harte, Dónal O’Grady, Michael Rice, Charlie Vernon agus go leor eile.

Beidh Gemma Ní Chionnaith ag dul ó cheann ceann na tíre lena tuairiscí seachtainiúla agus le hagallamh a chur ar imreoirí aitheanta, ar bhainisteoirí agus ar phearsana eile i saol an spóirt.


An tseachtain seo ar Seó Spóirt beidh Dara agus a chuid aíonna, Tomás Ó Flatharta, Ger Loughnane agus Alan Milton ag plé na sraitheanna Allianz peile agus iomána.

Físeáin ar Fáil