Splanc | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Splanc

     

Sraith gearrscannán ina ndéantar tochailt chruthaitheach ar thionchar 1916 ar na healaíona in Éirinn.

Físeáin Faoi Thrácht

Fógraíocht

Splanc! Gearrscannáin.

Sraith gearrscannáin a léiríodh do Splanc! 2016 le craoladh ar TG4 le linn na Cásca.   Is tionsnamh faisnéise í seo  ina ndéantar tochailt chruthaitheach ar thionchar 1916 ar na healaíona in Éirinn.  TG4 agus An Chomhairle Ealaíon i gcomhar le Ionad Scannánaíochta na Gaillimhe a eagraíonn agus a mhaoiníonn an scéim seo.

Seo a leanas na saothair agus dátaí craolta ar TG4:

Áiliu Iath n-hÉrend le Dónal Ó Céilleachair,  bunaitha ar an gcéad dán Gaeilge  riamh,  deirtear,  leis an bhfile Aimhirgin Glúingheal.  Tá filí na linne seo agus íomhánna draíochtúla sa scannán. (26 Márta 7.45pm)

Is iad Fergal Ward agus Adrian Duncan a léirigh Bungaló Bliss, ath-chuairt ar chatalóg ailtireachta Jack Fitzsimon a heisíodh i 1971 agus a d’fhág rian láidir ar an dreach tíre agus ar shaol na tuaithe anseo. (26 Márta 7.50pm)

Solas Céad Bliain le Tadhg O’ Sullivan, iniúchadh ar an solas mar mhóitíf ag ealaíontóirí na hÉireann. (27 Márta 7.15pm)

Imogen Stuart Dealbhóir léiriú Sharon Wooley ar shaothar na mná a rugadh sa nGearmáin agus a thuill cáil ní amháin mar dhealbhóir ach mar ealaíontóir i meáin eile freisin.     (27 Márta 7.20pm)

Saothar William McKeown, léargas  an scannánóra Pat Collins ar an bpéinteir as Co Thír Eoghain.  (27 Márta  8.55pm)

Cruth na Cumhachta, le Megs Morley agus Tom Flanagan, súil ar thábhacht na ndealbh cloiche a thugann stair pholaitiúil na hÉirean chun cuimhne.  (28 Márta  7.15pm)

Oíche Nollag na mBan – cóiriú fisiúil ar dhán clúiteach Sheáin Uí Ríordáin  le Oonagh Kearney ina bhfuil filíocht, cór agus ceol fite fuaite le chéile.  (28 Márta  7.20pm)

Souvenir Shop scannán Airt Uí Bhriain  ar an taispeántas spraoiúl leis an ealaíontóir  Rita Duffy. (Aibreán, dáta agus am le deimhniú).

Físeáin ar Fáil