Súile Londain | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Súile Londain

Déa
9.30pm
     

Sraith nua a thabharfaidh léargas ar shaol
mhuintir óga na hÉireann atá ag cur fúthu i Londain.

Fógraíocht

Súile Londain 1-2

Rátáil Tuismitheora: G

Sraith nua a thabharfaidh léargas ar shaol agus ar thaithí na nÉireannach óg atá ag cur fúthu i bpríomhchathair na Breataine le roinnt blianta anuas. Tabharfaidh an tsraith léiriú ar an saol mar a chaitheann seisear Gaeilgeoirí é i gcathair ina maireann 8 milliún duine. Gheobhaimid tuiscint ar na nithe a mheallann daoine óga go Londain chomh maith le léiriú a fháil ar na deiseanna atá le tapú ann.

Chéad Taispeántas: 14 Mfo

Rogha Fotheidil

Tá deacrachtaí le fotheidil ar roinnt ‘browsers’ faoi láthair. Tá muid ag obair iad seo a chuir ina gceart. Idir an dá linn, tá siad ar fáil ar an APP IOS (saor in aisce le íoslódáil).

Le fotheidil a roghnú, brú cc ag bun an scáileáin.

Má tá fotheidil Ghaeilge cruthaithe againn, is féidir iad seo a roghnú in áit na bhfotheideal béarla.

Má tá tú ag breathnú ar Explore 8 nó ar Windows ’95 nó níos sine, ní oibreoidh na roghanna nua. Is gá mar sin uasghrádú ar do árdán.

Déan teagmháil linn má tá aon deacracht agat.

Súile Londain

Sraith nua a thabharfaidh léargas ar shaol agus ar thaithí mhuintir óga na hÉireann atá ag cur fúthu i bpríomhchathair na Breataine le roinnt blianta anuas. Léireoidh an tsraith saol na ndaoine óga seo atá ina gcónaí i gcathair mhór ina maireann 8 milliún duine. Leanfaidh ‘Súile Londain’ seisear Gaeilgeoir le blaiseadh dá bhfíorshaoil siamsúla a fháil. Tabharfaidh cláir na sraithe seo tuiscint don lucht féachana ar na fáthanna a mheallann Londain na daoine óga úra seo, agus, chomh maith céanna, faightear blaiseadh ar na deiseanna atá le tapú ann.

Físeáin ar Fáil