The Irish Post Awards | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

The Irish Post Awards

Déa
9.30pm
     

40ú Gradaim an Irish Post á gcur i láthair ag
an Irish Post i gcomhar le TG4 beo as Londain.

Fógraíocht

The 40th Annual Irish Post Awards Live from London 1-1

Rátáil Tuismitheora: G

40ú Gradaim an Irish Post á gcur i láthair ag an Irish Post i gcomhar le TG4, gradaim Pobail a thabharfaidh aitheantas do mhuintir na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe a bhfuil éacht déanta acu i gcúrsaí tionscail, i saol an cheoil agus na teilifíse agus i réimsí eile.

Chéad Taispeántas: 23 Sam

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC] ag bun an scáileáin.

Gradaim an Irish Post beo as Londain

Beidh deis ag a lucht féachana in Éirinn agus ar fud an domhain mór-ócáid bhliantúil na nÉireannach sa mBreatain a fheiceáil beochraolta ar an 23 Samhain ag 9.30pm. Tugann na Gradaim seo aitheantas do shaothar agus d’éachtaí eile i réimsí tionscal, ceoil, craolacháin agus obair phobail.
Bronnfar seacht nGradam ar an oíche, ina measc, Gradam Saoil ar Sir Bob Geldof, ceoltóir agus feachtasóir daonnachtúil a thuill cáil ar dtús mar fheachtasóir nuair a d’eagraigh sé ceolchoirm cháiliúil Live Aid i Staid Wembley, Londain, i Samhradh na bliana 1985.
Bronnfar Gradam Comaoine ar son Gnó an Banbharún Karren Brady, a bhfuil cáil fhorleathan uirthi i réimsí na fógraíochta, na meán agus mar iar-Bhainisteoir Stiúrtha ar Birmingham FC, nuair a bhí sí 23 bliain d’aois, an chéad bhean riamh a ceapadh sa ról seo i gclub sacair.
Beidh na grúpaí aitheanta Kodaline agus Beoga ag seinm ag an ócáid i mbliana agus is iad na láithreoirí ná Aoife Ní Thuairisg- TG4 agus Eamonn Holmes.
Beidh an ócáid á beo-chraoladh ar gach ardán TG4 agus sula dtosóidh an seó féin, beidh Caitlín Nic Aoidh ag tuairisciú ón gcairpéad dearg ó Óstán an Grosvenor House ar Facebook agus YouTube TG4.
Orthu sin a fuair Gradaim an ócáid seo i mblianta roimhe seo, bhí, Terry Wogan, Daniel Day-Lewis, Michael Flatley agus Mo Mowlam.

www.theirishpostawards.com
#IrishPostAwards

Físeáin ar Fáil