The Irish Post Country Music Awards | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

The Irish Post Country Music Awards

     

The Irish Post Country Music Awards

Craolfar scoth an cheoil tíre ar fud an domhain nuair a chraolfar Gradaim Ceoil Tíre an Irish Post, i gcomhar le TG4, beo ar an teilifíse agus ar líne.
Beidh Gradaim Ceoil Tíre an Irish Post ar siúl an 30ú Lúnasa ón 9.30 pm. Craolfar díol dhá uair an chloig de Cheol Tíre beo ó Óstán Chathair Ard Mhacha. Beidh an teach lán le lucht leanúna an cheoil tíre as Éirinn agus as an mBreatain chomh maith le neart aíonna speisialta a bheith i láthair.
Rachaidh 14 amhránaí ar fad chun stáitse agus iad san iomaíocht in 11 Aicme Gradaim, agus beidh roinnt de na réaltaí Ceoil tíre is mó sa tír i láthair ar an oíche.
Beidh daoine aitheanta i saol an cheoil tíre chomh maith le daoine atá ag teacht chun cinn i measc na ndaoine a bheidh i láthair.
Ina measc sin a bheidh ar stáitse beidh Hurricane Highway, Cliona Hagan, Foster & Allen, Philomena Begley, Declan Nerney agus neart eile mór le rá.

Físeáin ar Fáil