Skip to main content
Menu

Tithe Cois Farraige

     

Sraith 8 gclár, ina dtugann Síle Nic Chonaonaigh cuairt ar chuid de na foirgnimh cois cósta – ón gcaisleán ársa go dtí an teach nua-aoiseach, ard-deartha.

Sraith a thugann léargas ar áilleacht agus ar éagsúlacht na n-áras cónaithe atá tógtha cois mara in Éirinn.   Tá tarraingt ar leith ag an bhfarraige ar shamhlaíocht an Éireannaigh agus leis na mílte bliain anuas bhí mian  ar leith mar chine tithe a thógáil (nó a cheannacht) atá suite cois na farraige.    Tá a chruthúnas sin ar fáil go feiceálach ar gach cósta againn – ó cuireadh cloch os cinn cloiche sa Dún Aengus in Árainn, tá áitrimh den chineálacha éagsúla tógtha ar bhruach na mara ag saibhir agus ag daibhir.

Sa tsraith 8 gclár seo, tugann Síle Nic Chonaonaigh cuairt ar chuid de na foirgnimh seo – ón gcaisleán ársa go dtí an teach nua-aoiseach, ard-deartha.  Cuimseoidh a cuairt cuid de na háiteanna is deise sa tír – ó chuanta maorga iarthar Chorcaí go farraigí fiáine Thír Chonaill.

Tugann sí cuairt ar dhá theach i gceantar amháin i ngach eagrán den tsraith, labhraíonn leis na húinéirí agus faigheann léargas ar áilleacht an réigiúin agus ar an dearadh uathúil atá ar an teach.  Caithfear súil scioptha ar chúpla teach eile sa gcomharsanacht freisin.

Físeáin ar Fáil