Wwoofáil | Cláir | TG4 | Súil Eile Skip to main content

Wwoofáil

Luan
mall
     

Fógraíocht

Rátáil Tuismitheora: G

Beidh Mairéad agus Conall ar a gcompord an tseachtain seo in óstán álainn atá lonnaithe i ngarrán ológ ar imeall Marrakech. Beidh ológa a bhaint, aire a thabhairt do phéacóga agus cachtais a thrasphlandú ar roinnt dá gcuid dualgais. Tabharfaidh siad cuairt ar an gcuid is fearr de Marrakech ar a lá saor, blaisfidh siad de bhia na háite, inchinn caorach ina measc agus rachaidh siad ag marcaíocht ar chamaill sa Palmeraie.

Chéad Taispeántas: 19 Fea

Rogha Fotheidil

Le fotheidil a roghnú, brú [CC][] ag bun an scáileáin.

An Seinnteoir ar IOS

Le breathnú ar an Seinnteoir ar IOS, íoslódáil Aip TG4 anseo... https://itunes.apple.com/ie/app/tg4-player/id598591024?mt=8

Tá WWOOFÁIL ar ais do shraith eile agus beidh láithreoir aimsire TG4 Mairéad Ní Chuaig agus an t-aisteoir aitheanta Gavin Ó Fearraigh ag spailpínteacht i California!

Seabreeze Farm

Leanfaidh Gavin agus Mairéad lena dturas i Klamath i dtuaisceart California, ceantar atá suite i lár na bhforaoisí móra crónghiúisí. Fanfaidh siad ar Fheirmeacha Seabreeze ar feadh na seachtaine.

Físeáin ar Fáil