11.01.16 | 2016Nuacht RáitisPreas | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content

2016

Léargas cuimsitheach TG4 ar Bhreith agus ar Fhás an Náisiúin


Agus tús curtha le bliain shuntasach chomórtha, tá faoi TG4 cur lena cháil mar sholáthraí cuimsitheach ábhair a chuireann le tuiscint an lucht féachana ar ár n-oidhreacht bheo ar bhealach atá eolasach, samlaíoch, siamsúil.

Chuireamar romhainn scóp agus raon leathan a chuimsiú inár gcláracha comórtha ionas nach ar an Éirí Amach amháin a dhíreofar ach ar na heagrais agus ar na daoine a ghlac páirt agus go rianfar freisin an tréimhse shuaite a lean agus scéal an náisiúin ó shin freisin.

As seo go deireadh na bliana craolfaimid rogha shubstaintiúil ábhair   – faisnéis, drámaíocht, ceol, spórt agus eile – idir ábhar cartlainne agus nua-choimisiúnaithe, a chuirfidh le tuiscint an lucht féachana ar imeachtaí 1916 agus ar bhreith agus ar fhorbairt an náisiúin sna blianta corracha a lean é agus anuas go dtí ár linn féin.

Tá dhá shraithdhráma nua Gaeilge coimisiúnaithe againn don chomóradh agus an tsúil eile á hoibriú ar scéal an Éirí Amach iontu ar aon.  Éirí Amach Amú   is teideal do dhráma ina dtarlaíonn do thriúr fear ónár linn féin taisteal siar sa stair agus lonnú i lár an scliúchais san ardchathair ar Luan Cásca 1916.  Tá an greann go smior sa tsraith seo ach dúisíonn sí roinnt bun-cheisteanna freisin.

EIPIC   (tús craolta 4 Feabhra) is teideal do dhráma atá suite inár linn féin ach a bhfuil macalla láidir den Éirí Amach ann freisin.  Seo scéal ghrúpa ógánach as baile beag ciúin faoin dtuath a ghlacann seilbh ar oifig an phoist(!) lena réabhlóid cheoil féin a bhunú – agus i nGaeilge freisin.

Is fada cáil na gclár faisnéise agus staire ar TG4 agus beidh scoth an ábhair ar fáil le linn na Earraigh agus ina dhiaidh agus trácht ann ar chúlra an Éirí Amach, Chogadh na Saoirse agus Cogadh na gCarad agus ar bhunú an tSaorstáit agus ar fhás an náisiúin ó shin.

Beidh an t-ábhar seo ar fáil go rialta i dhá thráth atá tiomnaithe chuige sa gclársceideal.  Gach Céadaoin ar TG4 ag 7.30pm, díreofar ar an Éirí Amach féin agus ar na pearsain a d’eagraigh é, a throid ann agus a cuireadh chun báis díreach ina dhiaidh.  Ríomhtar a scéal sa dá shraith aitheanta Seachtar na Cásca agus Seachtar Dearmadta atá le craoladh an athuair mar seo a leanas:

 

06/01/2016 Tom Clarke
13/01/2016 Thomas MacDonagh
20/01/2016 Pádraig Mac Piarais
27/01/2016 Michael O’Hanrahan
03/02/2016 Joseph Plunkett
10/02/2016 Ned Daly
17/02/2016 Willie Pearse
24/02/2016 John MacBride
02/03/2016 Seán Heuston
09/03/2016 Michael Mallin
16/03/2016 Éamonn Ceannt
23/03/2016 Con Colbert
30/03/2016 Seán Mac Diarmada

 

Chomh maith le cláracha sin 1916, tá tráth rialta eile sa gclársceiceal seachtainiúil (Máirt 9.30pm) curtha in áirithe feasta ag TG4 d’ábhar a thugann léargas ar mhór-imeachtaí, croí-eagrais agus pearsain chinniúnacha i bhforbairt scéal an náisiúin.

Ina measc seo tá cás  An Trucailín Donn –inar cuireadh an dlí ar Niall Mac Giolla Bhríde as Gaeltacht Thír Chonaill  mar go raibh a ainm scríofa i nGaeilge aige ar a charr asail, rud nach raibh dleathach ag an am.  Bheartaigh na húdaráis an dlí a chur air (an t-aon chás cúirte a throid Pádraig Mac Piarais ina ghairm mar abhcóide).  Cé gur bhuaigh an Choróin an cás, bhain  Conradh na Gaeilge lán-leas as an deis phoiblíochta le cás na teanga a chur chun cinn.  (12 Feabhra).

Is iomaí cor i mbreith agus i bhfás náisiúin agus is minic daoine a rinne go leor ar an gcúlráid a bheith ligthe i ndearmad nuair a scríobhtar na ceannlínte.    I stair na hÉireann, is annamh a thugtar a gceart do na mná a sheas agus a throid agus a d’fhulaing.  Féachann   Cumann na mBan (2 Feabhra) le cuid den leatrom sin  a chur ina cheart maidir leis an Éirí Amach agus Cogadh an Saoirse  agus rianann Kathleen Lynn (23 Feabhra) scéal mná a rinne a cion san Éirí Amach ach a shaothraigh do dícheallach ar mhaithe le sláinte agus Saoirse na mban ar feadh na mblianta fada ina dhiaidh.

Bhain cruál agus conspóidí go leor le blianta bunaidh an tSaorstáit agus b’é cinneadh an Rialtais nua daoine a chur chun báis gan triail shibhialta thar a bheith dian.  Ar na daoine a básaíodh mar seo bhí Erskine Childers (19 Eanáir), Poblachtach, údar aitheanta agus Protastúnach.     Duine eile a rinne a chion d’Éire ar a bhealach féin ab ea Jim Driscoll (26  Eanáir)  dornálaí de bhunadh na tíre seo a rugadh agus a tógadh sa mBreatain Bheag ach a thuill gean agus meas ar Éireannaigh ansin as a chumas.  Pearsa i bhfad níba chonspóidí ab ea Earnán de Blaghd (15 Aibreán) Poblachtach Preispitéireach, pearsa casta a thuill idir mheas agus fhuath lena linn – mar pholaiteoir, mar Aire Airgeadais agus mar Stiúrthóir ar Amharclann na Mainistreach.

Iriseoir eile ab ea Frank Sheehy Skeffington (8 Márta) a raibh aithne mhaithe aige ar pholaiteoirí agus ar cheannairí an Éirí Amach.  Fear síochána ab ea é a dhiúltaigh don fhoréigin ach a dúnmharaíodh go gránna ag fíor-thús Sheachtain na Cásca.

Agus an Saorstát bunaithe agus síocháin i bhfeidhm, thug an Rialtas aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le neamhspleáchas tionsclaíoch agus eacnamaíoch a bhaint amach.  Tráchtann Gineadóir an Stáit  (9 Feabhra)   ar an togra is mó ar fad acu, scéim chun leictreachas a ghiniúint ó chumhacht na habhann is mó ar an oileán, tionscnamh oll-mhór inar fostaíodh na mílte ag obair ar na suíomh in Ard na Croise.

Sa mbreis ar na cláracha seo a chraolfar i lár na seachtaine, cinnteoidh TG4 clúdach comórtha eile freisin.  Craolfar stair CLG agus táimid ag obair ar bheo-chlúdach a sholáthar ar ócáid ar leith i bPáirc an Chrócaigh ag Cluichí Ceannais na Sraithe 2016  cothrom an lae, 100 bliain go díreach ón Éirí Amach.

Filí agus údair ab ea roinnt de cheannairí na Réabhlóide agus beidh a n-oidhreacht sin agus a sliocht in aschur cultúir agus ealaíne TG4 i mbliana freisin.  Ina measc seo beidh Deargdhúil clár nua físiúil ar dhánta Mháire Mhac an tSaoi,   bean atá ar chomh-aois leis an Stát agus ar iníon í le duine de mhór-pholaiteoirí na haoise seo caite, fear a throid san Éirí Amach.   (15 Márta).

I bpáirt leis an gComhairle Ealaíon, tá 8 ngearrscannán nua coimisiúnaithe ag TG4 ar théama na n-ealaíon in Éirinn le 100 bliain (le craoladh i mí Márta) agus beidh aitheantas ar leith d’oidhreacht 1916 ar fáil i ngradam speisialta a bheidh mar chuid de Ghradam Ceoil TG4 2016 a fhógrófar go luath.

Fógraíocht